Litir Oscailte ó MISNEACH go Conradh na Gaeilge
Mar atá ráite againn go minic, tá Misneach go láidir den tuairim go bhfuil gá le feachtas láidir trodach ar son na Gaeltachta a chuirfidh brú ar na húdaráis géilleadh do na riachtanais atá ag na pobail ina bhfuil an Ghaeilge fós beo mar ghnáth theanga cumarsáide.
Aontaíonn muid 100% leis an méid a scríobh Máire Ní Fhinneadha ar Thuairisc.ie le gairid, gur ‘bliain éigeandáil na Gaeltachta’ atá ag teastáil, ní bliain cheiliúrtha.
Siod a leanas, mar íomhá, litir a scríobh muid chuig Uachtarán Chonradh na Gaeilge, an Dr. Niall Comer, ag iarraidh an eagraíocht a spreagadh i leith an dearcaidh seo