Más ag labhairt ar Chearta Teanga atá muid
[Foilsíodh an t-alt seo don chéad uair i 2015, ach tá go leor de na hargóintí ann fós tráthúil go maith nuair a thagann sé chuig stádas na Gaeilge sa stát]
An Bunreacht, Airteagal 8: ”Ós í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an phríomhtheanga oifigiúil í. Glactar leis an Sacs-Bhéarla mar theanga oifigiúil eile.”
Tá fhios ag Tadhg an mhargaidh nach bhfaighidh tú seirbhís fríd Ghaeilge i mórchuid na n-oifigí poist fríd an tír seo. Tá fhios againn uilig nach mbeidh ach maslaí agus droch-mheas i ndán duit, cuid mhaith den am má labhraíonn tú Gaeilge le Garda.
Leoga, tá muid uilig i ndiaidh cluinstin fá dtaobh de Ghaeilgeoirí ar thóg na Gardaí iad le blianta beaga anuas agus gan iad ag déanamh a dhath ach ag labhairt Gaeilge leofa.
Seanscéal agus meirg air an oiread daoine a thig isteach go hospidéal na Gaillimhe, cuir i gcás, nó ospidéil eile fríd an tír, agus gan é de chumas ag an ospidéal freastal orthu i nGaeilge.
Go minic seandaoine iad atá i bpian agus go dona tinn, agus gan iad a bheith ar a gcompord ag labhairt Béarla. Ní thig linn ligint dó seo leanstan ar aghaidh.
Is léir dúinn nach bhfuil Acht na dTeangacha Oifigiúla á chur i bhfeidhm mar ba chóir. Níl ach 20 scéim teanga daingnithe le comhlachtaí poiblí roimh dheireadh na bliana seo, 2014, nuair a d’imigh 20 scéim eile in éag cheana féin i 2013.
Mar a dúirt Seán Ó Cuirreáin féin, ”Go ginearálta, ní sár-bhliain a bhí in 2012 maidir le cur chun cinn na Gaeilge i státchóras na tíre, agus ar scáth aon choiscéim a tugadh chun tosaigh, ba chosúil go raibh péire á dtabhairt ar gcúl”.
Níl an rialtas sásta brú ar bith a chur ar chomhlachtaí poiblí seirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil don phobal. Leoga, níl ann ach cur i gcéill a rá go bhfuil an rialtas ag freastal ar chuid cearta na gcainteoirí Gaeilge sa tír seo.
D’inis Seán Ó Curraoin, an t-iarChoimisinéir dúinn go raibh trí cheathrú de na scéimeanna teanga de chuid comhlachtaí agus eagraíochtaí stáit ligthe in éag gan athnuachan a bheith déanta orthu roimh dheireadh 2012.
Tá cinneadh le déanamh againn mar phobal. An bhfuil muid sásta ligint don Ghaeilge bás a fháil faoi réimeas rialtas atá cuid mhaith den am ar nós cuma liom fán teanga agus in amannaí eile glan ina héadan?
Nó an seasfaidh muid an fód? Caithfidh muid an rialtas seo a náiriú as an mhéid dochair atá siad ag déanamh don Ghaelteacht agus do phobal na Gaeilge. Is mithid dúinn troid ar ais!
Mar a dúirt Máirtín Ó Cadhain, ní bheidh ionainn ach ”Sasana beag” má fhaigheann an Ghaeilge bás sa tír seo. Féadaimis a rá anois go bhfuil an chuma ar an tír seo anois gur mó de Shasana beag nó b’fhéidir de Mheiriceá beag atá ann ná d’Éirinn. I ndiaidh an iomláin, cuireann an rialtas fiachadh ar mhuinitir na tíre Béarla a labhairt le rannógaí agus le hinstitiúidí stáit.
Dá dhonnacht Fianna Fáil nuair a bhí siad i gcumhacht ba deacair Fine Gael agus Labour a shárú sa tslad atá siad ag déanamh ar an teanga leis na gearraithe siar ar fad agus an easpa gnímh i leith na héigeandála teanga atá anois ar bun sa tír.
Níl amhras ar bith fá dtaobh de ach go bhfuil an rialtas seo de chuid Fine Gael agus Labour ar cheann de na rialtais ba mheasa i leith na Gaeilge agus cearta lucht a labhartha.
Go dearfa, tá an chuma anois orthu gur chuma leo fán teanga agus ní mian leo airgead ar bith a chaitheamh ar sheirbhísí fríd Ghaeilge do mhuintir na Gaeltachta ná do phobal na Gaeilge.
Tá an Ghaeilge go cinnte i ndíth shláinte agus níl an ri-altas ag déanamh a dhath ach ag cruthadh tuilleadh tri-oblóide dúinn, ag diúltú seirbhísí fríd Ghaeilge a chur ar fáil. Anuas ar an imirce rábach amach as an tír tá dúshláin mhóra anois romhainn mar phobal teanga.
Shílfeá gur polasaí cinnte de chuid an rialtais é daoine óga a dhíbirt amach agus an méidín beag suarach atá anois mar dhól ann agus na deacrachtaí móra a bhíonn ann cuidiú a fháil ón stat má bhíonn tú ar an ghannchuid. Ní ionsaí ar an teanga amháin atá i ngníomhartha an rialtais ach ionsaí ar shaol na Gaeltachta agus phobal na tíre i gcoitinne.
Caithfidh an rialtas Acht na dTeangacha Oifigiúla a chur i bhfeidhm agus cothrom na féinne a thabhairt do chainteoirí Gaeilge na tíre seo. Caithfidh muidinne scéal mór a dhéanamh de seo uilig agus síorbhrú a chur ar na polaiteoirí, ach ar ndóiche, ní thig linn brath ar an rialtas leis an Ghaeilge a shábháil, is fúinne atá sé é a dhéanamh. Is é atá i Misneach dóigh amháin do Ghaeil a bheith páirteach sa ghluaiseacht ar son ár gcearta.