Réabhlóid Mhícheáil Choilm

Réabhlóid Mhícheáil Choilm

Bhuail beirt thuairisceoirí de chuid Misneach isteach sa teach ag Mí che al Cholm Mac Giolla Easpuig, gní omhaí pobail, comra daí agus cara mo r de chuid na gluaiseachta Misneach. Thapaigh muid an deis agallamh a chur air.
Ta Mícheál ag gabháil don ghníomhaíocht pholaitiúil le fad an lá.

Togadh é i dteaghlach phoblachtach agus a mhuintir gní omhach sa streachailt ar son saoirse na tí re. Deir se gur thuig se i gceart polaitíocht an lucht oibre don chéad uair nuair a chuaigh sé a chónaí i mBaile Átha Cliath.

Bhí sé ar feadh tamaill ina bhall de Shinn Féin ach d’fhág sé iad nó níor aontaigh sé leis an treo a raibh siad ag dul. Dar leis nach dtiocfaidh athru ar bith ón bharr anuas, ach go gcaithfidh an chosmhuintir cur ar a son féin; ”Sílim nach dtiocfaidh athro ar bith ó politicians, ón ghnáthdhuine a thiocfaidh sé .”

Tchítear dó gur deacracht atá ann anois go bhfuil daoine ag imeacht o Fhianna Fáil agus anois ag tabhairt tacaíochta do Shinn Féin:

”Ní fheicim difear mór eatarthu, ní fheicim ach b’fhéidir thart fá chúig bliana déag eatarthu … Má amharcann tá caidé atá ag gabháil ar aghaidh sna Sé Chondae tá Sinn Féin ag déanamh an rud céanna atá Labour agus Fine Gael ag déanamh anseo”

Nuair a bhuail muid le Mícheál ag doras a thí thug muid fá deara go raibh se ag caitheamh léine frith-fhaisisteach as Tír na mBascach. Dúirt sé go dtéann sé anonn chun na tíre údaí go minic agus go bhfuil meas mór aige ar na Bascaigh.

Glacann Mícheál ionspráid ó Thír na mBascach go háirithe ó thaobh a eagraithe agus a fhorasaí agus atá na Bascaigh i ngnaithí polaitiúla. Deir sé go bhfuair se tuigse do thábhacht na healaíne agus do amharc na súl i gcur chun cinn pholaitíocht na héite cle agus é thall i dTír na mBascach.

Mar ata fríd Éirinn uilig, ta an imirce ag goilleadh go hiontach mór ar mhuintir Thír Chonaill agus is rud é atá ag déanamh buartha do Mhícheál féin. Ag labhairt dó ar an imirce sa cheantar, dúirt sé:

”tá cuid mhór daoine ar shiúl, leis an fhírinne a inse duit, mura mbainfinnse an suíochán sin, bhí mise gabháil a bheith ar shiúl, bheinnse in Albain anois … comharsanach de chuid s’againn anois thíos sa bhaile mór, 60 bliain d’aois, chaitheadh seisean imeacht in áit a bheith ag smaointiú retire-áil … Ní l obair ar bith anseo. Obair ar bith atá ann níl airgead ar bith ann.”

Is e an dearcadh atá ag Mícheál ar shábháil na Gaeilge sa Ghaeltacht go gcaithfear, an chéad uair, na daoine a choinneáil sa cheantar sula dtig a bheith ag labhairt ar an teanga a shábháil; ”Muna bhfuil daoine ar bith ina gcónaí sa cheantar cha dtig leat an Ghaeilge a shábháil”.

Ár ndóiche ba bhuille trom do Ghaeltacht na Rosann agus Chloich Cheann Fhaola druidim síos an chomhlachta Largo Foods, rud a chuir go mór leis an fhadhb dhífhostaíochta agus imirce atá sa taobh sin tíre.

Maidir le comhlachtaí ag teacht isteach ón iasacht agus an dóigh a mbíonn Éire ag brath air sin bhí an méid seo a leanas le rá aige:

” Arb é foreign investment atá a dhíth orainn? Tiocfaidh siad isteach bheireann muid cúig mhilliún daofa ó phócaí s’againn féin agus taobh istigh de chúpla bliain tá siad ar shiúl. Daoine ag obair ansin cúpla bliain faigheann siad mortgages cá bith caidé a fhaigheann siad tá an comhlacht ar shiúl… níl obair ar bith ann.”

”Cha dtig leat a bheith ag troid fá choinne na Gaeilge gan a bheith ag amharc ar an pholaitíocht agus ar an eacnamaíocht a bhaineann leis fosta.”

Chaith Mícheál Cholm seal ag obair leis an taos óg i mBaile Mhunna i mBaile Átha Cliath agus coinníonn sé ceangal go fóill leofa sin. Bhí se ag obair i measc an phobail agus leis an mhuintir óga ar an Fhal Carrach le blianta beaga anuas fosta.

De réir cosúlachta tá  Mícheál mór le dream óg an cheantair agus leoga fuair se tacaíocht agus cuidiú ó na ‘boy racers’ féin agus é ag seasamh sa toghchán. D’fhiafraigh muidinne de an bhfuil suim ag an mhuintir óga i nGaeltacht Thír Chonaill i bpolaití ocht na héite clé .

”Ní chuireann siad lables ar bith air ach… tuigeann siad gur fhéad do shláinte bheith tábhachtach don rialtas, gur fhéad dó bheith saor in aisgí … tuigeann siad nach bhfuil muintir s’acu ábalta ar 40, 50 euro a dhíol ag an dochtúir achan am atá siad tinn…. tuigeann siad nach bhfuil go leor paighe ag teacht isteach sa tí agus tá fhios acu cad chuige sin, …. tá fhios acu go bhfuil an rialtas corrupt, tá fhios acu go bhfuil an capitalism… even though nach bhfuil labels ar bith ann, go bhfuil na comhlachtaí móra santach… tá fhios acu nach bhfuil investment ar bith curtha isteach san infrastruchtúr sa cheantar… an taon deacracht atá ann nach gcluineann siad é cuid mhór.”

”Tá fearg ar an taos óg amuigh ansin… tchíonn siad nach bhfuil rudaí go maith sa bhaile mar a bhí se , tá fhios acu nach bhfuil go leor airgid ag teacht isteach le na billí a dhíol le bia a chur ar an tábla, tá fhios acu go bhfuil Dadaí no Mamaí ar shiúl ag obair i Sasain nó cá bith cén áit a bhfuil siad agus gur fhéad daofa a bheith sa bhaile.

An dtroidfidh siad in terms of physical conflict? Ní throidfidh mar níl troid ar bith sa tír seo fá na choinne go fóill. Ní l appetite anseo. An dtiocfaidh sin? Tiocfaidh la inteacht absolutely! Le an fhírinne a inse duit níl mise ag gabháil do politics just go bhfuil mé ag iarraidh infastruchtúr san áit, tá mé ag iarraidh daoine sa bhaile, tá suim mhór agam i revolution… níl me i mo pacifist.”

”Ba mhaith liomsa feiciste go n-eagrodh na daoine iad féin. Gurb é troid polaitiúil a bheas ann. Armed conflict, am i opposed to it? No I’m not. Tchíonn tú daoine ag fáil bháis ar trollies. Daoine a bhfuil ocras orthu. Na ceadtaí ar crochadh iad, fir is mo . Tá an tír wreck-áilte ag ólachan agus ag drugs. Agus an locht ar capitalism, sin an áit a bhfuil an locht. Domhsa, tá súil agam, chan é amháin in Éirinn ach fríd an Eoraip go n-eireoidh an lucht oibre agus go dtroidfidh muid agus go gcuirfidh muid tír ar bun a n-amharcanns i ndiaidh caidé atá a dhíth orainne mar dhaoine, chan é caidé atá a dhíth ar an one percent.”

Dar le Mícheál nach mbeidh réabhlóid ar bith ann nó go mbeidh an lucht oibre i gcoitinne níos eagraithe. Cúis imní dár leis fosta go bhfuil an eite dheis ag déanamh dul chun cinn ar fud na hEorpa agus deir sé gur sin dúshlán a gcaithfidh muid dul i ngleic leis mar ghluaiseacht den eite chlé.

Ar scor ar bith, dar linne i Misneach is maith an rud e go bhfuil guth láidir den eite chlé tofa mar chomhairleoir thuas i nGaeltacht Thír Chonnaill agus tá muid ag teacht go mór lenar dhúirt Mícheál, go gcaithfidh an réabhlóid teacht ón bhun aníos, ón chosmhuintir.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *


*