Bhíos ar bhád mór farantóireachta le déanaí ag dul trasna Mhuir Éireann. Is tábhachtach an turas agam é. Ar nós na mílte eile, thall i London a saolaíodh mé do bheirt imirceach Éireannach. Ábhar machnaimh bheith ag filleadh i dtreo na háite ar saolaíodh mé ach nárbh as mé, ag samhlú mo mhuintire ag tabhairt fén dturas céanna. Bheartaíos, de bharr an mhaoithneachais seo, tús aistir a chaitheamh i mo sheasamh ar deic agus mullaí Bhinn Éadair a fhaire á slogadh ag íor na spéireach.
Theastaigh uaim féachaint cén fhad thógfadh sé ar na faoileáin éirí as bheith ag guardall timpeall an árthaigh siar is aniar, agus filleadh ar chóngaracht an chósta ar chuma eitleog.
Níl samhlaoid is mó i m’aigne ná an fharraige. Ár gcuid amhrán ar maos léi. Gan treabh againn nár ghaibh duine dá sinsear thairsti tráth. D’fhiafraíos d’antraipeolaí cad ba dhóigh leis a thug ar na dreamanna is luaithe an turas a thabhairt an chéad lá. Dúirt sé gur dhóichí gur ag teitheadh a bhíodar. Read More