Plean radacach náisiúnta foilsithe ag Misneachd na hAlban
Tá an grúpa feachtais Misneachd na hAlban, macasamhail Mhisneach in Éirinn, tar éis “Plean Radacach do Ghaeilge na hAlban” s’acu a sheoladh go hoifigiúil. Maítear sa bplean, a bhfuil breis is 100 leathanach ann, go bhfuil neamhaird á déanamh ag an rialtas agus ar an eagraíocht forbartha teanga, Bòrd na Gàidhlig, ar mheath leanúnach na teanga ina pobail dhúchais. Tá an “Plean Radacach” á fhoilsiú mar fhreagra criticiúil ar an bPlean Gaeilge Náisiúnta 2018-2023 a foilsíodh i mí Aibreáin faoi fholáirimh Acht na Gaeilge 2005.
Ag seoladh an Phlean Náisiúnta oifigiúil sin san Earrach, ba chúis bhuairte do Mhisneachd an laghad áirde a tugadh don taighde uilig a léiríonn géarchéim na teanga ina croíphobail – mar shampla an tuairisc a choimisiúnaigh Bòrd na Gàidhlig féin faoi staid na Gaeilge i Siabost in Oileán Leódhais in 2011. Léirigh an tuairisc sin go raibh deireadh tagtha, nach mór, le seachadadh idirghlúine na Gaeilge sa gceantar sin. Tá Siabost i measc na bpobal Gaeilge is láidre in Albain agus is dóchúla ná a mhalairt mar sin go bhfuil an scéal chomh dona céanna sna hOileáin Thiar trí chéile. Táthar ag súil go ndeimhneofar an scéal sin i dtaighde leis an ngrúpa taighde idir-ollscoile SOILLSE a fhoilseofar in 2019.
I measc na bpríomh-mholtaí a bhí sa tuairisc faoi Shiabost, b’é cothú an dátheangachais uilíche – .i. go mbeadh tuiscint na Gaeilge ag chuile dhuine sa bpobal, fiú muna mbeadh cumas cainte acu. D’fhágfadh seo go mbeadh an deis ann aríst cruinnithe poiblí agus ócáidí éagsúla sa bpobal a reáchtáil trí Ghaeilge, ó tháinig deireadh leis an nós seo tuairim is 20 bliain ó shin. Leis an sprioc seo a bhaint amach, moladh go gcuirfí tacaíochtaí breise ar fáil do theaghlaigh Ghaelacha, breis acmhainní agus maoinithe do ranganna do dhaoine fásta agus go mbeadh chuile scoil ag múineadh trí Ghaeilge amháin sna croíphobail Ghaelacha. Chiallódh sé seo nach mbeadh páiste ar bith coinnithe ó oidhreacht Ghaelach a bpobail, agus go mbeadh scil luachmhar an dátheangachais ar fáil do chách. Dar le Misneachd gur náire mhór é nár cuireadh na moltaí tábhachtacha seo san áireamh sa bPlean Náisiúnta Oifigiúil.
Ag tógáil ar na moltaí a bhí sa tuairisc faoi Shiabost, deirtear i bplean nua Mhisneachd gur chóir go mbeadh láidriú na teanga ina croíphobail mar phríomhsprioc ag polasaithe oifigiúla. Aníos air sin, tá rath polasaithe eile faoi fhás na Gaelscolaíochta agus na craoltóireachta go náisiúnta ag brath go hiomlán ar láidreacht phobail dhúchais na teanga.
Aithnítear sa bPlean Radacach go bhfuil gá le méadú mór ar mhaoiniú stáit chun na spriocanna a luaitear ann a bhaint amach. Maítear mar sin féin go bhfuil go leor eile a d’fhéadfaí a bhaint amach leis an maoiniú atá ar fáil cheana, ach é a úsáid ar bhealach níos éifeachtaí.
Dála a macasamhail in Éirinn, déanann Misneachd nasc idir dán na Gaeilge in Albain agus ceisteanna níos leithne a bhaineann le ceartas sóisialta agus cumhachtú pobal iargúlta. Dar leo gur gá deireadh a chur le polasaithe eacnamaíochta an nualiobrálachais agus na déine, le lárnú na cumhachta, agus le hathdháileadh a dhéanamh ar úinéireacht talún, rud nár tharla riamh in Albain. Cosúil le hÉirinn, tá cúrsaí tithíochta agus pleanála ag dó na geirbe leo freisin.
Chomh maith leis na hathruithe polaitiúla ag leibhéal an rialtais náisiúnta agus áitiúil, deirtear sa bplean go bhfuil géarghá le gluaiseacht radacach ón mbun aníos a thógáil chun ceist na teanga a nascadh le dearcthaí forásacha eile má tá athrú ar bith le teacht ar an dioscúrsa faoin teanga, agus ar pholasaithe agus leibhéil maoinithe dá bharr.
Chuile lá an tseachtain seo beidh caint phoiblí dhifriúil á heagrú ag Misneachd ag an Mòd Náisiúnta, féile náisiúnta Ghaeilge na hAlban. Pléifidh baill éagsúla den eagraíocht gnéithe difriúla den phlean sna cainteanna seo agus cuirfear fáilte roimh chách.
Tá PDF den phlean ar fáil ar line anseo.
Tuilleadh eolais ar fáil ó
www.misneachd.scot
www.facebook.com/misneachd/
fios@misneachd.scot Twitter: @MisneachdAlba