As Gníomh Tig Dóchas
Tá go leor sa nuacht le déanaí a chráfadh do chroí. Ón coup sa Bholaiv go loscadh na hAmasóine sa Bhrasaíl. Ó mhórshiúilta faisisteacha sa Pholainn go coirloscadh sionagog i Meiriceá. Ó shlad i nGaza go slad sa Chordastáin.
Ó champaí géibhinn sa tSín go campaí géibhinn sna Stáit. Tá an domhan ina chíor thuathail. Sin gan trácht ar neamhghníomhaíocht rialtais an domhain ar an ghéarchéim aeráide, rud a chuireann todhchaí an chine dhaonna féin i mbaol.
Tá ár seanfhadhbanna céanna ag Gaeil na hÉireann fosta – imeallú na teanga agus lucht a labhartha, rialtais atá fuar linn ar an lá is fearr ó dheas agus mioscaiseach féin linn ó thuaidh i dtólamh.
Ar a mhullach sin tá an Ghaeltacht á bánú ag córas eacnamaíoch a mhairfidh fad agus a dhéanann sé brabús d’uasaicme na tíre.
Is é an córas seo a d’fhág 10,264 duine, ag am a scríofa, gan teach ná dídean sa tír seo. Is é an córas céanna atá ag lúbadh ár seirbhísí slándála go pointe a mbriste.
Chan aon ionadh go bhfuil go leor daoine in ísle brí na laethanta seo. Cad é a thig le duine aonair a dhéanamh i gcoinne córais den chineál seo?
Go leor rudaí, mar a tharlaíonn sé.
Tugadh uchtach dúinn uilig nuair a foilsíodh pictiúr de chótaí fágtha ar Dhroichead na Leathphighne i mBaile Átha Cliath leis an mhána “tóg ceann más gá, fág ceann más féidir”, scríofa i mBéarla air.
Cúis eile uchtaigh a bhí sa tacaíocht a fuair an feachtas seo, lena haischlib #WarmForWinter, ón phobal trí chéile. Gníomh as an ghnách a bhí ann a mheabhraigh dúinn uilig nach gá glacadh leis na cúinsí troma ina bhfuil muid fá láthair.
Fuair mo phobal féin, Cloich Chionnaola, ugach mór de shórt eile le déanaí nuair a bunaíodh dhá fhéile úra sa cheantar. Eagraíodh Féile Nasc na nGael i Mí na Samhna, tráth a dtáinig Gaeil as Albain anall chun a gcultúr agus a dteanga a roinnt linn.
Eagrófar an chéad fhéile eile in Albain agus táthar ag súil go rachaidh Gaeil Thír Chonaill anonn fána coinne.
Tá sprioc dhifriúil ag Féile Scéalaíochta na Glaise, a bhí ar siúl ar an 13-14 Nollaig. Is é sin, traidisiún na scéalaíochta a athneartú agus a chur i lár an aonaigh aríst sa cheantar.
Tá ceacht in san fheachtas agus sna féilte thuasluaite seo don té a mhothaíonn nach bhfuil aon chumhacht ná tionchar acu ar fhadhbanna a phobail. Obair duine aonair nó grúpa fíorbheag ba chúis leo, rud a mheabhraíonn dúinn nach bhfuil gá le gluaiseacht ollmhór chun gníomh éifeachtach díreach a dhéanamh.
Ina theannta sin, léiríonn siad nach tábhachtaí fadhb a réiteach ná rud inteacht níthiúil a dhéanamh fá dtaobh de.
Ní chuirfidh feachtas #WarmForWinter deireadh leis an ghéarchéim títhíochta ach chuir sé an cheist sin i mbéal an phobail aríst agus thug sé slí shoiléir, níthiúil do dhaoine rud inteacht a dhéanamh a chuideodh go díreach le daoine gan dídean fad agus a léirigh sé do na daoine céanna nach bhfuil dearmad iomlán déanta ag an saol mhór orthu.
Spreag sé dóchas ionainn uilig.
Tá na féilteacha nuabhunaithe ag déanamh amhlaidh do mo phobal féin i gCloich Chionnaola. Pobal atá bánaithe ag an imirce is ea muid. Fothoradh den bhánú chéanna is ea an scrios atá déanta ar ghréasáin shóisialta an cheantair, rud a chuireann nósanna agus traidisiúin na háite i mbaol.
Seanscéal agus meirg air is ea é seo sna ceantair Ghaeltachta agus níl réitiú simplí air.
Ba dheacair a shéanadh áfach go ndéanfaidh an dá fhéile seo an pobal, agus a ngréasáin shóisialta, a neartú agus go dtabharfaidh siad uchtach do phobal atá faoi chois le fada.
Ní cóir beag is fiú a dhéanamh de sin. Tá súil agam féin go spreagfaidh siad pobail Ghaelacha eile féilte beaga úra a chur ar an fhód fosta.
Má fhágann fadhbanna móra an domhain in ísle brí thú, a chomradaí, níl leigheas níos fearr ann ná aicsean. Tá na mílte rud ann a thig linn a dhéanamh agus más gnímh bheaga féin iad, is fearrde iad ná bheith ag suí ar ár dtóineanna gan a dhath a dhéanamh.
Tusa a thuigeann riachtanais do phobail. Is tusa, mar sin, an duine is fearr an gníomh a dhéanamh a thacóidh leis an phobal chéanna.
Uchtach, mar sin, a chomradaí, is ná lig don éadóchas tú a fhágáil i do staic. Gineann gníomh dóchas. Spreagann sé daoine eile chun aicsin.
Mar sin a chruthaítear meitheal, mar sin a neartaítear pobal, agus mar sin a thabharfar faoi na dúshláin mhóra atá romhainn – moll daoine difriúla ag obair ar scáth a chéile, moll gníomhartha beaga a bhainfeas athruithe móra amach.
Uchtach, a chomradaí, is ná lig don éadóchas tú a fhágáil i do staic.
Alt scríofa ag Sam Ó Fearraidh