In ainneoin na ngealltanas atá tugtha ag rialtas Varadkar i dtaobh Bille Teanga a thabhairt isteach, is léir gur caint chun gaoithe atá sa mhéid sin anois go bhfuil olltoghcháin ar na mallaibh.
Mhaígh an tAire Stáit Gaeltachta, Seán Kyne, go raibh sé intinn aige an dara céim a shárú i mí Eanáir i dtaobh an Bhille Teanga. Ach is cosúil go bhfuil tabhairt isteach an achta úd curtha ar athló arís mar gheall ar an toghchán seo, cé go raibh moill ocht mbliana air cheana féin.
Ní hamháin é sin ach léirítear arís an fhaillí agus an naimhdeas glan ón státchóras don Ghaeilge sa chaoi is go bhfuil siad ag cur i gcoinne an achta seo.
Mar shampla, dúirt an Taoiseach Leo Varadkar, agus é ag trácht ar cheann de na dualgaisí sa bhille, go mbeadh 20% d’fhostaíocht nua sa státseirbhís sainaithinte don Ghaeilge, “go mbeadh sé ‘cineál seafóideach’ duine a chur ó dhoras agus post a fhágáil folamh toisc gan aon Ghaeilge a bheith aige.”
Tá sé soiléir go raibh an státchóras tar éis dul i bhfeidhm ar cheann an rialtais maidir le hiarmhairt an bhille úd. Más rud é nach n-éiríonn leo an bille seo a scoir, déanfaidh siad a seacht ndícheall an bunús is mó de a bhaint is gur féidir.
Tá Conradh na Gaeilge, Misneach agus eagraíochtaí Gaeilge eile le fada ag gníomhú lena leithéid de bhille teanga a thabhairt isteach, ní hamháin sa stát ó dheas ach sa stát ó thuaidh chomh maith.
Cé go bhfuil gealltanas ann sa chómhmhargadh idir Sinn Féin, an DUP agus na páirtithe eile leis an bhféidearthacht go dtabharfaidh isteach Acht Gaeilge (a bhí geallta i gComhaontú Chill Rìmhinn chomh fada siar le 2006), beidh cath mór ann chun é seo a bhaint amach.
Tá sé soiléir le fada nach lucht cabhrach iad an rialtas ó dheas, go háirithe an státchóras, chuige seo ach oiread.
Caithfear brú leanúnach raidiciúil ón taobh amuigh den chóras, agus ón taobh istigh, a chur ar aon aos polaitiúil má theastaíonn uainn billí teanga stuama a bhaint amach.