Stailc Aontas Múinteoirí Éireann ar siúil inniu
Seasann Misneach gualainn ar ghualainn le gnáthbhaill Aontas Mhúinteoirí Éireann agus iad ag dul amach ar stailc inniu, Dé Máirt an 4ú Feabhra.
Tá an tAontas ag éileamh íocaíochtaí cothroma do mhúinteoirí ach scálaí páigh a chur ar ais ag na leibhéil a bhí i bhfeidhm roimh an 1ú Eanáir 2011. Beidh baill Misneach ar múinteoirí iad timpeall na tíre ag seasamh lena gcomhghleacaithe ar an líne phicéid.
Naoi mbliana ó shin, i gcroílár na géarchéime eacnamaíocha agus polasaithe déine an rialtais, glacadh isteach scála páigh míchothrom d’iontrálaithe nua.
Ciallaíonn sé seo nach bhfuil múinteoirí a thosaigh sa ghairm ó 2011 i leith ag fáil an tuarastal céanna is atá múinteoirí a thosaigh roimhe sin.
Ní múinteoirí óga amháin atá thíos leis, ach múinteoir ar bith a thosaigh ag obair sa phost ón mbliain sin ar aghaidh. Is cuma cé mhéad blianta d’aois nó de thaithí oibre i ngairm éagsúil atá acu. Is cuma cé mhéad ball clainne atá le cothú acu.
Agus ollthromlach 92% de na vótaí a caitheadh i bhfábhar na stailce, is léir go bhfuil na múinteoirí braon de bheith ag fanacht ar an rialtas ceist an pháigh mhíchothroim a chur ina ceart.
Tá neart múinteoirí ag fanacht anois le naoi mbliana anuas go dtiocfar ar réiteach. Idir an dá linn, tá fás gan srian tagtha ar chostais mhaireáchtála, go háirithe costais tithíochta.
Ní nach ionadh go bhfuil an cinneadh déanta anois acu dul i mbun gníomh dhírigh thionsclaíoch.
Tharais sin, tá an dara cheardchumann múinteoirí is mó sa tír – Cumann na Meánmhúinteoirí, Éire – tar éis treoracha a thabhairt dá bhaill gan aon ranganna a chlúdach dá gcomhghleacaithe AMÉ fad is atá siad amuigh ar stailc, agus tá siad ag cur vóta ar son stailce os comhair a mball féin freisin.
Ní in Éirinn amháin atá an lucht oibre ag baint leasa as an uirlis cogaidh is láidre atá againn – an stailc.
I measc scéalta an duarcais agus an éadóchais a scaiptear sna meáin chumarsáide – faoi ghéarchéim na haeráide agus fás na heite deise – is minic nach dtagann na scéalta faoinár gcumhacht féin mar phobal chun cinn.
Ar ceann díobh sin is ea scéal a tháinig amach ar an 8ú Eanair, san India. Seo tír atá – de réir na scéalta sna nuachtáin – faoi smacht iomlán ag rialtas seicteach, deis-eiteach Narendra Modi, ach inar reáchtáladh an stailc ba mhó i stair an chine daonna le cúpla seachtaine anuas.
Bhí breis is 250 milliúin oibrithe, baill de ceardchumainn uile na tíre, amuigh ar na sráideanna agus iad ag agóid in aghaidh polasaithe déine agus dlíthe ciníocha rialtais Modi.
Tuairiscítear go minic sna Stáit Aontaithe faoi bhagairtí chogaidh agus fás na eite-dheise faoi rialtas Trump, ach tá rabharta radacach stailceanna mhúinteoirí ag tarlú le bliain nó dhó anuas.
Is iad gnáthbhaill na ceardchumainn múinteoireachta, a bhí toillteanach céimeanna níos radacaí a ghlacadh ná mar a bhí maorlathas láraithe a gceardchumann féin, atá ag déanamh dul chun cinn leis na stailceanna sin.
Ar an gcéad ceann acu sin, bhí stailc ollmhór múinteoirí West Virginia i bhFeabhra 2018. Mar chuid den ghníomh sin, dúnadh scoileanna i ngach ceann de 55 contae an stáit.
Cé gur ghlac ceannairí an cheardchumainn le tairiscint bhog an ghobharnóra, dhiúltaigh gnáthbhaill an cearchumainn leis. Lean siad leis an stailc mar thobstailc neamhdleathach go dtí gur ghéill rialtas an stáit dá n-éilimh uile.
Tar éis bhua na n-oibrithe i West Virginia, leathnaigh stailceanna na múinteoirí go Colorado, Kentucky, North Carolina, Arizona agus go gcathair Los Angeles i California. Baineadh arduithe tuarastail chomh mór le 20% amach.
Cé gur ceart eagla agus uafás a bheith orainn go léir faoi íomhánna de cumhacht nua na heite-dheise in áiteanna ar nós Charleston, níor cheart dúinn riamh dearmad a dhéanamh den chumhacht atá againn féin mar lucht oibre.
Léiriú soiléir dúinn ar an méid seo is ea stailceanna na múinteoirí. Dream il-eitneach, radacach den lucht oibre ag streachailt agus ag buachaint i dtroid fhíochmhar, agus uaireanta ag cur i gcoinne dlí, ar son éilimh leathna.
Ní bhaineann na gnímh seo le pá agus coinníollacha oibre amháin, ach leis an gcóras oideachas i gcoitinne agus cearta gach páiste oideachas d’ard-chaighdeán a fháil.
Is cúis iontais é, anuas air seo uilig, go bhfuil seo ag titim amach sna stáit dhearga, croílár na bPoblachtánach i ndeisceart agus in iarthar SAM.
Sa lá atá inniú ann, is gairmeacha amhail múinteoireachta agus, mar atá feicthe againn anseo in Éirinn, banaltrachta, atá lárnach sa streachailt aicmeach.
Earnálacha iad seo a bhaineann le hatáirgeadh seachas táirgiúlacht – an próiséas ina gcuirtear múineadh, cothú agus leigheas ar fhórsaí táirgiúla an gheilleagair ionas go gcoinneofaí an geilleagar sin sa tsiúil. Ina theannta sin, is suntasach go mbíonn níos mó mná ná fir ag obair sna hearnálacha seo.
Thairis aon ní, is earnálacha iad atá riachtanach don gheilleagar uile. Mura dtéann páistí ar scoil, bíonn ar a dtuismitheoirí fanacht sa bhaile chomh maith. Tá cumhacht nach beag ag baint lena leithéid de ghníomh.
Le droch-scéalta ar fud an domhain, is fiú dúinn cuimhneamh ar an gcumhacht atá againn le chéile. Na hoibrithe abú!