Is dócha gur chúis iontais d’achan dhuine iad torthaí an toghcháin, Sinn Féin san áireamh. Níor sheas ach 42 iarrthóirí don pháirtí, a bhuaigh 37 suíochán sa 33ú Dáil. Mar chomparáid, sheas 84 iarrthóir faoi bhrat Fhianna Fáil, a bhfuil 38 suíochán acu ann nuair a chuirtear suíochán neamhiomaidh an Chinn Comhairle san áireamh.
Ní léir cén sórt rialtais a bheas againn go fóill, is é sin muna ngairtear toghchán eile. Agus Fine Gael ag seasamh siar ón mhargaíocht pholaitiúil áfach, ba dheacair a chreidbheáil nach mbeidh ról lárnach ag Sinn Féin i gcibé rialtas a thiocfas chun cinn.
Tá neamhghníomhaíocht Fhine Gael i leith na Gaeilge cáinte go forleathan. Dúirt Catherine Connolly, atofa mar Theachta Dála i nGaillimh Thiar, gur gá don chéad rialtas eile an ghéarchéim shóiléir sa Ghaeltacht a aithint.
Tá Seán Kyne, an tIar-Aire Stáit don Ghaeltacht, i ndiaidh a shuíochán féin a chailliúint sa Dáilcheantar chéanna. Agus is maith an rud é sin. Shéan Kyne go raibh géarchéim ann sa Ghaeltacht ar chor ar bith. Bhí agóid ag Misneach lasmuigh dá oifig i gCathair na Gaillimhe anuraidh mar gheall ar an neamart sin.
Ach ar bhua don Ghaeilge é bua seo Shinn Féin?
Bhí Misneach i láthair nuair a seoladh polasaí Gaeilge Shinn Féin in 2018. I measc beartais láidre eile, tá maíte ag an pháirtí go ndéanfaidh siad athbhreithniú ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, go gcuirfear níos mó maoinithe ar fáil chun an straitéis a chur i ngníomh, agus go dtreiseofar ról maoirseachta an Choimisinéara Teanga air.
Ar ndóigh, i ndiaidh blianta neamhairde, chuirfeadh pobal na Gaeltachta agus na Gaeilge fáilte roimh aon pholasaí nua forchéimnitheach i leith na teanga.
Mar a gcéanna le muintir na hÉireann ina iomláine, tá muid braon d’easpa gníomhaíochta Fhine Gael agus Fhianna Fáil ní hamháin i leith na Gaeltachta ach i leith na ngéarchéimeanna títhíochta, sláinte, agus aeráide chomh maith.
Agus an rogha againn idir athrú agus fanacht mar atá, roghnaigh an stát an t-athrú.
Bíodh sin mar atá, níl i mbeartais Shinn Féin i ndáiríre ach cur chuige “ciallmhar”. Ach i ndiaidh blianta de rialtais a chur le, seachas i gcoinne, mórfhadhbanna na tíre, bíonn cuma thar a bheith radacach ar an chiall.
Is cosúil gur shíl lucht an rachmais amhlaidh fosta. Fiú roimh an toghchán foilsíodh ailt in Éirinn agus go hidirnáisiúnta a thug rabhadh d’infheisteoirí nach mbeadh an luach céanna ag fiacha na hÉireann faoi rialtas Shinn Féin dóibh agus a bhí faoi stiúr Fhine Gael.
Is é sin, gur baol nach ar mhaithe leis an bhrabús amháin a rialófaí Éire dá mbeadh páirtí eile i gceannas uirthi.
Bhí bagairt indíreach le brath sna hailt chéanna. Dúradh amhlaidh faoin Ghréig sula dtáinig Syriza chun cumhachta ann, tráth a bhfaca muid uilig an caipitleachas á chosaint féin beag beann ar thoil dhaonlathach, ná leas, na cosmhuintire.
Agus na seanbhagairtí doiléire céanna faoin stocmhargadh agus infheistíocht dhíreach eachtrach á bhfógairt arís ag na meáin, ní mór dúinn a chuimhniú nach féidir linn brath ar an pholaitíocht pharlaiminteach amháin chun athruithe móra a bhaint amach.
Cé go mbeadh polasaithe Shinn Féin i bhfad ní b’fhearr don ghnáthdhuine ná cúig mbliana eile d’Fhine Gael ná d’Fhianna Fáil, is é ceacht na Gréige ná nach dtiocfaidh an t-athrú suntasach atá uainn ón bharr anuas.
Ón bhun aníos amháin a thiocfas sé.
Mar sin, bímis eagraithe, bímis glórach, agus bímis gníomhach.
Léirímis dár gcuid teachtaí nua Dála nach nglacfaidh muid le haon philleadh ar an tsean-ré, go bhfuil Éire nua, cothroime uainn. Ag an am chéanna, bímis gníomhach inár bpobail féin, go dtógfaidh muid ar an mheon fhoscailte, fhorásach atá nochta arís ag muintir na hÉireann.
Tá go leor daoine ann a chuirfeas i gcoinne aon dhul chun cinn sa tír seo. Ní raibh sa toghchán ach tús na hoibre.