Sraith alt: #5 Na Gnáthdhaoine agus an Phaindéim
Sa tsraith alt seo, déanfar anailís ar ghnéithe áirithe den ghéarchéim chorónach. Ina theannta sin, leagfar síos fís dhearfach den cineáil sochaí atá de dhíth chun a leithéid de ghéarchéim a sheachaint arís sa todhchaí.
An babhta seo, breathnófar ar cheist na haicme. Cé acu is mó a bheas thíos leis na víreais seo?
Bíodh is nach ndéanann an víreas corónach idirdhealú ar bhonn aicmeach, is an chosmhuintir a bheas thíos leis i ndeireadh na dála – ach go háirithe iad siúd atá amuigh ar a bpinsean agus ar bheagán phá.
Cheana féin, tá tuairiscí go bhfuil lucht an racmhais, an 1%, ag eitilt leo chuig a n-árais iarghúlta nó ag dul i bhfolach ina mbuncair faoi thalamh. Tá stocannaí bídh acu a mhairfeadh na blianta agus, lena hais sin, a gcuid dochtúirí leighis pearsanta féin acu.
Is na daoine is boichte a bheidh buailte go dona. De ghnáth is iadsan a chónaíonn agus a mbíonn ag taisteal ar an gcóras iompar poiblí i ngaireacht dá chéile.
Ní bheidh siad in ann an scaradh sóisialta caoi a dhéanamh mar gheall go mbíonn orthu cónaí a dhéanamh i dtithe le deichniúr eile, in óstáin mar lóistín éigeandála, nó iad ag fáil codladh na hoíche i mbrúanna.
Anuas air sin, is na hoibrithe is boichte a bheidh thíos leis agus gan cearta pá tinnis nó airgead curtha i dtaisce acu.
Tá scéalta tagtha chun cinn le roinnt seachtainí anuas maidir le tiarnaí talún nach bhfuil sásta cíosanna a chuir ar athló nó, níos measa, ag déanamh díbirt ar dhaoine.
Tá ar na daoine is boichte an córas iompar poiblí a úsáid, an dól a bhailiú, nó dul chuig an mbanc chun billí a íoc agus airgead a lóisteáil. Cuirfear iad siúd i mbaol go mór.
Caithfear éileamh a dhéanamh go ndéanfar aon íocaíocht leasa sóisialaí i rith na géarchéime seo díreach isteach i gcuntas baince iad siúd atá thíos leis.
Ar ndóigh tá i bhfad níos mó daoine dífhostaithe anois ó scaoill roinnt comhlachtaí lena gcuid oibrithe. Tá sé beartaithe ag rialtas na Sé Chontae Fichead íocaíocht speisialta €350 sa tseachtain a thabhairt do dhaoine a chaill a gcuid postanna de bharr an víreais.
Admháil is ea an méid sin nach leor an €203 a thugtar do dhaoine a bhí dífhostaithe roimhe seo. Pionós a bhí agus atá sa mhéid suarach sin, pionós gearrtha ar ghnathdhaoine ag rialtas ar cúis tarcaisne dóibh cosmhuintir na tíre seo.
Mar a dúirt Varadkar féin le linn an toghcháin, ní ar ár son atá a rialtas, ach ar son na ‘meánaicme’ atá ag saothrú €35,000-50,000 sa bhliain, dar leis. Na daoine ‘a éiríonn go luath ar maidin’.
Níor chóir dúinn glacadh leis an míchothromaíocht seo. Tá sé seafóideach go bhfaighfidh an té a chaill a phost i Mí Feabhra beagnach €150 níos lú ná an té a chailleann a phost inniu. Ní mór dúinn cothromaíocht pá a éileamh do gach duine.
Maidir leis na comhlachtaí sin a thréig a gcuid oibrithe, is beag is féidir linn a dhéanamh le linn na géarchéime. Ach nuair a fhosclaítear na gnóthaí sin a gcuid doirse arís, is cóir dúinn an dóigh ar thréig siad a gcuid fostaithe a chuimhniú agus a mheabhrú dóibh gach seans a bhfaigheann muid.
Ná tacaimis leo siúd nár thacaigh linne.
Ná glacaimis le saint shuarach lucht an chaipitil arís go deo!