Tá creimeadh marthanach déanta ag dírialáil an tsaormhargaidh ar cearta na n-oibrithe leis na blianta fada anuas, agus íosphointe nua bainte amach ón uair ar tháinig an geilleagar poistíneachta – nó ‘gig economy’ – ar an bhfód.
Cuireann géarchéim an choróinvíris in iúl nach féidir neamhaird a dhéanamh ar an streachailt seo a thuilleadh.
Nuair a tháinig ardáin nua idirlíne chun cinn ag deireadh na 2000idí, gheall siad níos mó neamhspleáchais agus níos mó ceannais ar a saoil féin d’oibrithe, agus rogha níos leithne á thairiscint acu do thomhaltóirí ag an am céanna.
I ndáiríre, áfach, ní bhíonn ach éiginnteacht agus éidearfacht faoi bhláth.
Cé go bhfuil luach áifeálta $4.5 trilliún ar an ngeilleagar poistíneachta, tagann scéalta uafáis amach go leanúnach faoi oibrithe a bhíonn ag obair ar na hardáin seo gan cosaintí bunúsacha acu agus an taos leis an oigheann i gcónaí acu.
Tá léargas á thabhairt ag an pandéim coróinvíris ar go leor de na scéalta seo.
Braitheann comhlachtaí ar nós Uber agus Deliveroo ar lucht mór oibrithe ar fud an domhain, ach de réir fholús dleathach san Aontas Eorpach, tá na comhlachtaí siúd scaoilte saor ó aon fhreagracht as a gcuid oibrithe.
Tá cearta bunúsacha bainte as oibrithe, iad fágtha gan laethanta saoire íoctha, saoire bhreoiteachta, cómhargáil, agus sochar sóisialta, toisc go bhfuil siad sainithe de réir an dlí mar shaoroibrithe ‘freelance’, oibrithe sealadacha, oibrithe ar chonarthaí nó mar hconraitheoirí neamhspleácha.
Tá leas bainte ag 10% ar a laghad de dhaonra oibre an AE as ardáin idirlíne chun seirbhísí a sholáthair.
Sin beagnach 23 milliúin oibrí, líon suntasach oibrithe atá easpa cearta, slándáil, agus cosaint sóisialta acu, líon atá ag méadú i gcónaí, agus ní foláir dúinn iad a chosaint.
Sa Fhrainc, ní shaothraíonn tiománaí de chuid Uber ar an mheán ach 36% de chostas an síbe.
Agus Uber ag déanamh brábúis ón obair atá faoi bhun acu, tá sé ag diúltú conarthaí oibre a thabhairt dá chuid tiománaí, agus freagracht a ghlacadh as ucht leasa na dtiománaithe.
Mar bharr ar an donas, tá na comhlachtaí seo i gcónaí ag teacht i dtír ar na billiúin euro ar son na n-oibrithe mar gheall ar lúba ar lár sa chóras cánach.
Tá oibrithe ar fud na hEorpa ag teacht le chéile i gcoinne an dúshaothraithe seo atá ag tochailt faoi chearta shaothair a saothraíodh go maith; dúshaothrú a fhágann oibrithe gan cosaint ar chruatan ó chúinse nach bhfuil neart ar bith acu orthu, mar dhuine aonair nó mar ghrúpa oibrí.
Seasamh glórach atá á ghlacadh acu in aghaidh obair neamhbhuan agus conarthaí uaireanta nialasacha – ‘zero-hour’ – a bhrúnn bochtanas ar ní fios cé mhéad teaghlaigh.
Le déanaí, ghlac mé páirt i ngníomhaíocht stailce ag ‘cistin dhorcha’ de chuid Deliveroo (tithe trádstórais a chuireann bialainn in áirithe chun bia le tabhairt leat a réiteach), agus d’éist mé le hábhair imní na n-oibrithe agus iad ag gníomhaíocht i gcoinne cineál nua sclábhaíochta, téarma a thugann siad féin air.
“Níl sé ach bliain ó shin, bhíodh costas 5 euro ar síob, ach anois táimid síos ag 2 euro. Creideann siad gur féidir leo a rogha rud a dhéanamh linn toisc go bhfuil siad den tuairim nach n-eagraíonn tiománaí ina measc féin, ach níl an ceart acu,” a mhínigh Ahmed, agus é ag blocáil an slí isteach ar chistin i bPáras.
Tá oibrithe i mbun agóide i gcoinne na comhlachtaí seo sna cúirteanna. De réir breith cinniúnach níos luaithe sa mhí seo, thacaigh an cúirt is airde sa Fhrainc leis an gceart atá ag tiománaí Uber aitheantas a fháil dá stádas mar fhostaí.
Beidh impleachtaí ollmhóra ag an cinneadh seo don mhúnla ghnó atá ag Uber ar fud an AE.
Thángthas ar bhreith den chineál céanna mar gheall ar stádas thiománaithe de chuid Deliveroo i Maidrid ag tús na bliana, ag cur le cinneadh cúirte san Iodáil roimhe sin arís.
Tugann sé seo go léir le fios go bhfuil an fuinneamh ag bailiú nirt i dtreo treoir AE atá ag teastáil go géar a ath-cháileoidh oibrithe ardáin mar fhostaí, más mian leo siúd, rud éigin a thabharfadh aitheantas dá gcearta agus dá gcosaint sóisialta go léir.
Ní leor ar chor ar bith dlí a eisíodh le gairid maidir le dálaí oibre intuartha, a bhí mar chuspóir aige déileáil le roinnt den éiginnteacht a airíonn oibrithe sa gheilleagair phoistíneachta.
Is léir ón ngéarchéim atá orainn faoi láthair nach bhfuil an dlí seo sásúil.
Tá na milliúin oibrithe poistíneachta tréigthe ag comhlachtaí le linn ráig an choróinvíris.
Tá gearán déanta ag oibrithe nach gcuireadh lámhainní, mascanna, nó glóthach ar fáil ar mhaithe lena sláinte agus a sábháilteacht agus iad ag déanamh a ndualgais.
Agus bearta coraintín ag teacht i bhfeidhm, fágadh níos mó fós gan aon ioncaim, mar sin tá siad i mbaol mainneachtain a dhéanamh ar íocaíochta cíos agus morgáiste, nó gan a bheith in ann billí a íoc.
Ní chlúdaíonn formhór na mbearta státchabhracha oibrithe poistíneachta ar chur ar bith, rud a chuireann an tarcaisne i mullach na héagóra ar fad.
Tá dearmad déanta orthu, ach fós oibríonn siad i dteagmháil leis an bpobal ar bhonn leanúnach, ag cur a bheo i gcontúirt i ndáiríre, agus an scéal mar atá faoi láthair.
Nochtann ráig an choróinvíris an éiginnteacht fostaíochta a bhraitheann na milliúin oibrithe sa gheilleagar poistíneachta ar fud an AE agus lasmuigh de.
Mar chéim láithreach, ní foláir don AE agus dá baill-stáit cúnamh airgid a shíneadh chucu le linn an am corrach seo, agus aitheantas agus cosaint dleathach a thabhairt dá gcuid cearta mar ábhair práinneach, rud atá thar am againn le déanamh.
Tá buíochas tábhachtach, ach tá dínit agus cearta riachtanach.
Is Feisire de Pharlaimint na hEorpa (FPE) í Leïla Chaibi (France Insoumise) leis an ngrúpa GUE/NGL (an Grúpa Cónasctha den Chlé Aontaithe Eorpach agus den Chlé Ghlas Nordach).
[Aistrithe go Gaeilge ag Eoghan Finn, cúntóir polaitiúil faoi oiliúint ag GUE/NGL as Gaillimh]