I ndiaidh na míonna margála, i ndiaidh na gcluichí agus na cliúsaíochta ar fad, tá an cleamhnas déanta faoi dheireadh.
Ag teacht le sprid na daonlachta, tá againn rialtas nach bhfuil duine ar bith sásta leis: Frankenrialtas déanta as seanphíosaí lofa de chuid an tseanchórais pholaitiúil, a bhfuil cuma an bheo air – nó go bhfeictear na greamanna ann.
Ach nach go maith a fhóireann an rialtas seo do 2020, bliain a chuir deireadh go deo leis an aoir pholaitiúil?
Ón toghchán i leith tá muid ag coimeád na geamaireachta idir Fine Gael – a mhaíonn nach bhfuil de dhíth acu ach cúpla bliain eile ar an jab agus ansin, bí cinnte, tosófar ar an obair – agus Fianna Fáil, nár fhaca fadhb ar bith i staid an stáit ach amháin nárbh iadsan a bhí i gceannas uirthi.
Ar ndóigh, creideann Fianna Fáil go bhfuil an chumhacht tuillte acu, cé gur deacair a rá cén fáth. Chonaic muid uilig an teidlíocht chéanna chomh luath agus a tháinig a rialtas úr ar an fhód – tráth ar thosaigh gach mac máthar acu ag gearrán nach raibh siad ceaptha ina n-airí.
Meas tú an é go raibh dúil dhearg ag leithéidí Michael Moynihan bheith ina Aire Sóisearach um Phoill i mBóithre Tuaithe, nó an é go síleann na daoine seo go bhfuil teidil (agus ardú pá agus pinsean) tuillte acu?
Sin seanmhúnla na polaitíochta in Éirinn, nach ea? Nuair a bhuann d’fhoireann, buann tusa. Ag súil le duais a bhí sé, mar a bheadh cluiche ann. Chualathas go leor tráchta ar “sheirbhís phoiblí,” le linn an toghcháin ach níl cloiste againn ó shin ach cad atá “tuillte” ag na searbhóntaí uasail céanna.
Is léir anois, agus bhí le fada, go bhfuil aicme phroifisiúnta pholaitiúil againn sa tír seo a dhéanann talamh slán dá gceart ar an chumhacht.
Is beag atá ráite ag ár bhFrankenrialtas faoin Ghaeilge agus is lú aríst arbh fhiú a chloisteáil.
Tá a fhios ag pobal na Gaeilge – sa Ghaeltacht agus san Iar-Ghaeltacht araon – nach mbeidh aon thacaíocht ná aird ag teacht ón dream seo. Níl ina “bheartas” ach gaoth agus toit – gobán suarach súraic lenár gceansú. Tá cleachtadh agus seanchleachtadh againn ar an chleas sin.
Mar a léiríonn ceapacháin Jack Chambers ina Aire Gaeltachta, níl an rialtas nua seo sásta fiú cainteoir líofa a chuir i bhfeighil an róil sin go fóill.
Ach an é nach bhfuil i ndán dúinn ach mairg agus gruaim? Ní hea, muis! Tá ábhar dóchais le haithint fiú san aoir seo.
Nach maith, mar shampla, go bhfuil deireadh curtha le seanáiteamh Fhine Gael agus Fhianna Fáil nach dhá mhargaile ón mhála chéanna iad? Den chéad uair leis na glúnta tá difríocht ann idir polasuithe an rialtais agus polasuithe a luchta fhreasúra sna Sé Chonate Fhichead.
Cibé cén tuairim atá agat ar Shinn Féin, is buntáiste dúinn uilig an scoilt seo i gcomhaontú seanbhunaithe na haicme polaitiúla. Cruthaíonn scoilt spás do smaointí agus polasaithe nua, rud atá ag teastáil le fada i ndioscúrsa polaitiúil na Sé Chontae Fhichead.
Ar ndóigh, ní féidir bheith ag brath ar polaitiúlacht na bpáirtithe amháin ach is ábhar eile dóchais dúinn an ghluaiseacht Black Lives Matter agus an ghníomhaíocht atá á heascairt aisti fud fad an domhain.
Tá éifeacht na gluaiseachta céanna le brath anseo in Éirinn, ní amháin i gcomhráití faoin chiníochas ach sna coincheapa radacacha á bplé anois den chéad uair sa dioscúrsa náisiúnta – go háirithe dí-mhaoiniú agus cealú na bpéas.
Ach is í an chúis dhóchais is mó atá againn i láthair na huaire ná tuirse agus míshástacht mhuintir na hÉireann lenár gceannairí féincheaptha san aicme pholaitiúil.
Ba léir don té ab shoineanta gur thábhachtaí an chumhacht ná leas an ghnáthdhuine do Fhianna Fáil, Fine Gael, agus – ar a laghad – do cheannairí an Chomhaontais Ghlais.
Mar aon le pobal na Gaeilge, agus gach duine sna Sé Chontae Fhichead nach forbróir ná baincéir iad, tuigeann muid nach ón bharr anuas a thiocfas na hathruithe lena bhfuil an formhór againn ag súil.
Mar sin, seo an t-am dea-shampla mhuintir dhubh Mheiriceá a leanstan.
Tá dúshláin shuntasacha romhainn – an t-athrú aeráide, meath na Gaeltachta, imeallú na Gaeilge, agus éagothroime eacnamaíoch nach bhfuil ach ag éirí níos measa – agus fiú má tá spás ann anois sa dioscúrsa pholaitiúil nach raibh ann roimhe seo, ní éistfear le pobal nach bhfuil eagraithe agus soiléir faoina bhfuil ag teastáil.
Is fúinne uilig anois an obair sin a dhéanamh. Seo an t-am le bheith ag neartú ár bpobal, ag cruthú agus ag cur lenár ngréasáin, agus ag stiúradh an dioscúrsa aríst agus aríst eile chuig buncheist na héagothroime a luíonn faoi na fadhbanna móra ar fad dár gcrá.
Má tá comhairle uait faoin obair sin, cá háit ar cheart toiseacht nó conas tabhairt faoi, bí i dteagmháil linne anseo.
Mar atá feicthe againn cheana in 2020, ón bhun aníos a thagann an t-athrú.
Tá sé in am obair.