‘Is iad na bailte beaga so, scámhóga na Gaeltachta’
Is fada pobal na Gaeltachta á chiapadh ag cur chuige pleanála Chomhairle Chontae Chiarraí, cur chuige, mo léir, atá beag beann ar theanga, ar bhailte, ar oidhreacht, agus ar shocracht phobal na Gaeltachta.
Tá cás amháin díobh tar éis aird mhór a tharrac ar an éagóir chórasach so le déanaí – sin cruachás an ghníomhaí phobail agus ceoltóir aitheanta, Breandán Ó Beaglaoich.
Tá dhá bhliain phríosúnachta á bhagairt air agus fíneáil de dhá mhilliún euro déag toisc tigh a bheith tógtha aige ar a chuid talún féin i mBaile na bPoc.
Inné, tháinig an chéad bhuille dhóchais le fada.
Toisc an Chomhairle a bheith ag glacadh le haighneachtaí faoi láthair do phlean forbartha an chontae don tréimhse 2022-2028 – sheol Todhchaí na Tuaithe aighneacht ina bhfuil cúig éileamh ar Chomhairle Chontae Chiarraí, éilimh arbh fhiú do bhunadh gach pobail thuaithe in Éirinn a léamh agus a thuiscint.
Is féidir na héilimh a léamh, agus an achainí phráinneach a shíniú ag an nasc so
Baineann an aighneacht le mór-cheisteanna ár linne maidir leis an ngéarchéim tithíochta agus todhchaí na Gaeltachta. Is mithid do phobal na Gaeilge tacú le Todhchaí na Tuaithe na cúig éileamh a dhéanamh – mar go mbainid le todhchaí gach pobail in Éirinn.
Is ábhar misnigh é go bhfuil muintir Chiarraí ag éileamh a gceart – ach an éisteofar?
Tá tuilleadh eolais le fáil faoin scéal seo ar ár suíomh anseo