Tá dhá dhealbh achar gar óna chéile i lár Bhaile an Chabháin. Óglach gan ainm atá i gceann amháin díobh, suite lasmuigh de theach na cúirte dúiche, a sheasann mar chomhartha ómóis do na fir is mná áitiúla a throid agus a cailleadh ar son neamhspleáchas na hÉireann.
Leis an gceann eile, gléasta i róbaí de chuid iarla Shasanaigh, déantar comóradh ar an 7ú mBarún Farnham Henry Maxwell.
Ríogaí bródúil Oráiste ba é an Tiarna Farnham áirithe seo, é i réim le linn an Ocrais Mhóir. Bhain sé míchlú amach dá chruálacht agus leatrom frith-Ghaelach sa tréimhse sin.
Ón mbliain 1845 ar aghaidh, díshealbhaíodh na céadta daoine as tailte Farnham agus dódh a gcuid tithe. Ofráladh bia dóibh ar an gcoinníoll gur thréig siad a gcuid creidimh.
Faoin mbliain 1851, ba é an Cabhán an ceantar ba mheasa buailte ag an ocras agus ag galar in Ulaidh.
Bhí 90,000 tar éis imeacht ar imirce, bhí an méid chéanna imithe ar shlí na fírinne agus bhí Gaeilge dhúchasach an chontae ar an slí amach. San iomlán, cailleadh 43% de dhaonra an Chabháin.
Thall i Westminster, bhí an Tiarna ag cur locht na fulaingthe ar an lucht fulaingthe féin agus é ag lorg cumhachtaí breise len iad a chur faoi chois.
Comhartha ceiliúrtha atá sa dealbh ar an oidhreacht seo. Masla amach is amach é dóibh siúd a raibh páirt lárnach aige ina mbásanna agus do dhaoine a raibh orthu Éire a fhágáil dá bharr.
Nach bhfuil leacht cuimhneacháin tuillte acusan seachas ag tiarna talún tíoránta mídhaonna, fear a rinne brabús as treascairt na nGael?
Íocadh as dealbh Farnham le táille bhreise a gearradh ar a thionóntaí tar éis a bháis in 1868. Ar feadh na mblianta, sheas an leacht i bpáirc phléisiúir do lucht an rachmais darbh ainm “Gairdín Farnham”.
Ní ann don limistéar aeraíochta úd a thuilleadh ach tá leagáid na clainne greanta go daingean inár n-intinne agus in ainmneacha ár n-institiúidí.
Is san “Ionad Farnham” a sheasann an Tiarna Farnham ar a ardán inniu – áraslann comhaimseartha nuathógtha ina bhfuil príomhoifigí an Chomhairle agus lárleabharlann an chontae lonnaithe.
Tá an áit suite go lárnach ar cheann de na bóithre is gnóthaí sa réigiún – “Sráid Farnham”. Níl sé ach trasna an bhóthair ón “Óstán Farnham”, áit a bhfuil armas teaghlaigh Maxwell crochta os cionn an dorais.
Dá dtabharfá cuairt ar an gceantar is saibhre sa chontae, áit a bhfuil an talamh is fearr, bheifeá i “mBaile Fearainn Farnham”.
Mar fhreagra ar an argóint gur gá a mhacasamhail de dhealbh a choinneáil chun cuimhniú ar stair agus scéal na háite, ní dhéanfaidh muintir an Chabháin dearmad choíche.
Ní thig linn bogadh gan iarsmaí an impiriúlachais agus coilíniú ár sinsir a bheith á shá inár n-aghaidheanna.
Go fírinne, is iarracht atá sa dealbh chun dearmad, dlisteanú agus bánú a dhéanamh ar choireanna chinedhíothaithe an Tiarna Farnham agus a chlann Maxwell.
Onóir atá i ndealbh poiblí, ar chóir a choinneáil dóibh siúd a bhfuil meas an phobail orthu.
I gcodarsnacht leis an Óglach gan ainm thuas na sráide, lena gcuimhnítear ar na tírghráthóirí a fuair bás chun leithéidí na Maxwells a chur ó dhoras, níl meas nó onóir dealbha tuillte ag an 7ú mBarún Farnham.