Day: January 11, 2021

Litir oscailte chuig An Chomhairle Mhúinteoireachta

Seo a leanas litir a sheol beirt phríomhoide i gCorcaigh, le tacaíocht Gael-Taca agus Misneach, chuig An Chomhairle Mhúinteoireachta maidir le droch-chaighdeán Gaeilge roinnt mhaith múinteoirí sa stát.

An tUas. Seán McMahon,  

Cathaoirleach,  

An Chomhairle Mhúinteoireachta  

A Sheáin, a chara,  

Táimid ag scríobh chugat, mar ghrúpa eagraíochtaí/scoileanna difriúla, chun a léiriú go bhfuil imní mhór orainn faoi roinnt mhaith mhúinteoirí nua-cháilithe de chuid na tíre seo, faoi mar atá deimhnithe ag an gComhairle Mhúinteoireachta; ach a bhfuil caighdeán íseal ag roinnt mhaith acu sa Ghaeilge.  

Ní inniu ná inné an fhadhb seo nó an laige seo bheith tugtha faoi deara maidir le córas oideachais na hÉireann. Léiríodh an fhadhb seo bheith ann fadó riamh an lá.   

Muna bhfuil múinteoir in ann an Ghaeilge a labhairt is a scríobh go cruinn is go beacht; cén seans atá ag an bpáiste óg?  Is bocht an scéal é go deimhin.   

B’é Príomhchigire na Roinne sin, Harold Hislop, a d’aithin an fhadhb an chéad lá nuair a dúirt sé i 2016 go hoscailte go raibh laigí ollmhóra i múineadh na Gaeilge i mbunscoileanna agus meánscoileanna. 

Baineann an fhadhb seo nó an gearán atá againn leis an nGaeilge. Bíodh is go bhfuil COGG ann agus cúpla rud fónta ann le tamall de bhliantaibh .i. an cúrsa nua B.Oid (le Gaeilge) i gColáiste na hOllscoile Corcaigh; mar sin féin is bocht an scéal é go bhfuil orainn mar scátheagraíocht dul i ngleic leis seo.    

Tar éis dúinn a bheith ag caint le príomhoidí timpeall na tíre, i nGaelscoileannago háirithe, deir siad linn nach féidir leo teacht ar mhúinteoirí; atá díreach críochnaithe sna Coláistí Oiliúna éagsúla; agus dóthain Gaeilge acu chun bheith ag múineadh sna scoileanna sin.    

Ní tharlódh a leithéid in aon tír eile ar domhan; is ábhar náire é. Más múinteoir thú, i scoil náisiúnta, ba cheart go mbeifeá ábalta do theanga náisiúnta.i.an Ghaeilge a labhairt agus a mhúineadh.   

Ní amháin sin ach ba cheart go mbeadh an múinteoir in ann Gaeilge agus grá don Ghaeilge a mhúineadh do na páistí óga.  Mol an óige mar déarfá.    

Chomh maith leis sin, tá na múinteoirí seo á gclárú go héasca is gan dua leis an gComhairle Mhúinteoireachta.

Tá an cat as an mála, áfach.  Níl sé seo maith go leor. Is mian linn cur ina choinnibh sa tslí cheart.     

Nuair a rinneamar gearán leis an Roinn Oideachais agus Scileanna faoi na Coláistí Oiliúna agus caighdeán íseal roinnt mhaith de na múinteoirí tar éis dóibh oiliúint a chur orthu mar dhea ar feadh ceithre bliana, ní raibh le clos againne ach bodhaire Uí Laoire.    

Is fiú a rá gur cuireadh oiliúint ghairmiúil a mhair 4 bliana ar an iomlán ar ábhar múinteoirí dá leithéid.  Is mian linn é seo a léiriú.  Níl sé maith go leor. Ceap magaidh atá ann nuair nach bhfuil an múinteoir in ann Gaeilge a labhairt nó sásta í a labhairt gan trácht. 

Ní ionsaí pearsanta é seo, áfach, ar aon mhúinteoir atá sa bhád sin.  Is mian linn an fhadhb seo a léiriú sa tslí cheart go soiléir is go macánta.      

Thug an Roinn le fios is léirigh an Roinn go soiléir gurb í an Chomhairle Mhúinteoireachta atá freagrach as caighdeán na múinteoirí i ndeireadh na dála agus iad ag iarraidh clárúchuige sin; agus mar sin is cuma cén chéim atá acu ón gColáiste Oiliúna féin.    

Dá bhrí sin, is mian linne na ceisteanna seo a leanas a chur ortsa/oraibhse:  

  1. Cén fhianaise atá ag an gComhairle Mhúinteoireachta go bhfuil Gaeilge de chaighdeán áirithe ag múinteoirí nua is iad ag dul isteach sa chóras oideachais? An bhfuil aon tslat tomhais ann?  
  2. Cén caidreamh atá idir an Chomhairle agus na Coláistí Oiliúna chun a dheimhniú go bhfuil Gaeilge labhartha agus scríofa ag na múinteoirí seo atá díreach tar éis céim a bhaint amach?  
  3. An ndearna an Chomhairle aon imscrúdú faoin scrúdú agus faoi leibhéal an scrúdaithe sin sna Coláistí Oiliúna chun a dheimhniú go bhfuil na múinteoirí céanna cáilithe chun Gaeilge a mhúineadh? An bhfuil aon ionchur ag an gComhairle sa phróiseas seo?  
  4. Cén freagra a bhí ag an gComhairle Mhúinteoireachta maidir leis an aiseolas ó na cigirí sin agus ar an ráiteas ón bPríomhchigire go raibh laigí ollmhóra i múineadh na Gaeilge i gcóras oideachais na hÉireann?   


Táimid den tuairim gur ag dul in olcas atá an scéal is baolach agus táimid an-bhuartha ar fad faoi thodhchaí na Gaeilge nuair nach bhfuil fiú Gaeilge labhartha ag múinteoirí na linne seo agus iad ag múineadh ranganna timpeall na tíre.

Tá príomhoidí bréan den fhadhb seo a bheith ann bliain i ndiaidh bliana agus táimid ag lorg freagra éigint ón gComhairle. Má tá an Chomhairle freagrach as caighdeán na múinteoirí i ngach réimse eile den chóras oideachais, tá siad freagrach as caighdeán Gaeilge na múinteoirí chomh maith.

Ní mór don Roinn Oideachais beart a dhéanamh de réir a bhriathair.  Ní mór do dhaoine labhairt amach is a rá go mb’fhéidir nár cheart do dhuine dul le múinteoireacht muna bhfuil Gaeilge cuíosach maith ag duine.  Táimid ar thóir aiseolais ón gComhairle. 

Táimid ag súil go mór le cloisteáil uait / uaibh. 

Is sinne le meas,  

Gael-Taca, Corcaigh

Misneach

Adrian Breathnach  (Príomhoide, Gaelscoil Pheig Sayers) 

Íde Ní Dhubhagáin (Príomhoide, Gaelscoil Mhachain)