Day: September 16, 2021

Ceanada agus Éire: an Stát agus an Eaglais Chaitliceach sa gComhthéacs Coilíneach

Is ar éigean a thug na meáin clóite in Éirinn aird ar bith ar an scéal a tháinig amach as Ceanada le linn an tsamhraidh. Scéal a léirigh an slad a rinneadh ar bhundúchasaigh i gCúige Saskatchewan agus British Columbia.

Cosúil le scéal na hÉireann, nuair a d’fheidhmigh an stát agus an Eaglais Chaitliceach as lámha a chéile, bhí drochthoradh ann dóibh siúd a bhí imeallaithe agus ar bheagán cumhachta.

Tháinig sé chun solais i rith Mhí an Mheithimh go raibh dhá shuíomh ar a raibh scoileanna cónaithe de chuid na hEaglaise Caitlicí breac le huaigheanna gan leacht – uaigheanna bundúchasacha.

215 páiste a aimsíodh sa chéad scoil, agus 751 duine ag an tarna scoil, an formhór díobh ina bpáistí chomh maith.

Ní fios go fóill ar bhásaigh na páistí ó ghalair éagsúla nó ar dúnmharaíodh iad – tiocfaidh na fíricí gruama amach i gcaitheamh ama.

Tagann na rudaí atá ar eolas againn i láthair na huaire ó chuntais bhéil na n-íospartach a raibh sé de mhí-ádh orthu freastail ar na scoileanna, ach ar tháinig slán uathu.

Brúidiúlacht, mí-úsáid ghnéis, cos ar bholg ar chultúr agus teanga; b’in iad cleachtais na scoileanna “Críostaí” seo.

Dár ndóigh, is i gcomhthéacs coilíneach a tharla an díol náire seo. Bunaíodh na scoileanna cónaithe i dtreo dheireadh an naoú haois déag chun asamhlú cultúrtha a chur i gcríoch ar bhundúchasaigh Cheanada.

B’amhlaidh an scéal i Stáit Aontaithe Mheiriceá, san Astráil agus i dtíortha eile nach iad.

In Éirinn ba iad na páistí ba bhoichte, páistí na máithreacha a raibh “smál” orthu, a mhair in institiúidí den saghas céanna, agus ní gá ach smaoineamh ar an 796 leanbh a fuarthas i ndabhach shéarachais i dTuaim.

Cé go raibh difríochtaí áirithe idir Éire agus Ceanada sa chaoi is go mbaineann an cos ar bholg ar bhundúchasaigh le cúrsaí cine agus aicme, seachas le cúrsaí aicme go príomha mar a tharla in Éirinn, tá cosúlachtaí ann chomh maith.

Bhí an dá stát “neamhspleách” ag an am. D’éirigh le Ceanada féinrialtas a fháil in 1867, tríocha bliain sular bunaíodh na scoileanna cinedhíothaithe.

Bhí “neamhspleáchas” ag Fiche a Sé Chontae na hÉireann ó 1922 chomh maith, agus ba le linn blianta luatha an stáit a tosaíodh ar pháistí agus máithreacha a chur chuig na scoileanna saothair ‘s na neachtlanna Mhaigdiléana.

San fholús cumhachta agus infreastruchtúir a d’fhág an coilíneachas bhí an dá stát sásta go líonfadh an Eaglais Chaitliceach an bhearna. Ná déanaimís dearmad, ach oiread, go raibh ról ag an Eaglais Chaitliceach sa dá thír i gcur chun cinn an Ghalldaithe chomh maith.

Tá Rialtas Bhaile Átha Cliath tar éis praiseach a dhéanamh den phróiseas a thugadh an fhírinne chun solais agus cúiteamh ceart do na híospartaigh.

Rinne an tuairisc is déanaí ar thaithí na n-íospartach sna hinstitiúidí seo beag is fiú den scéal. Seachas an milleán a chur ar an stát, an Eaglais Chaitliceach, na Gardaí agus na hoibrithe “sóisialta”, cuireadh an milleán ar an “tsochaí trí chéile”.

Níl Rialtas Cheanada faoi Justin Trudeau puinn níos fearr agus is cur i gcéill aon phróiseas athmhuintearais sa stát úd fad is a leantar ar aghaidh leis an scrios atá á dhéanamh ar thailte na mbundúchasach sa tóir ar ola, gás agus adhmad.

Tá íospartaigh na n-institiúidí seo i gCeanada agus in Éirinn fós ag maireachtáil le pian na drochíde a d’fhulaing siad.

Tá teanga agus cultúr an dá áit fós an-lag de bharr an naisc lofa idir an stát agus an Eaglais a d’fhorbair i gcomhthéacs an choilíneachais.

Tá neart oibre le déanamh go fóill chun an dá áit a dhíchoilíniú ionas go bhfaighfí réidh le rianta, agus pianta, an stair dhearóil sin.