Straitéis thábhachtach a bhaineann le cur chun cinn na Gaeilge ná go mbeadh téarmaíocht sa teanga a oirfeadh do gach duine .i. go mbeadh gach duine in ann iad féin a chur in iúl sa teanga, beag beann ar a bhféiniúlacht – féiniúlachtaí inscne agus claontaí gnéis san áireamh.
Tá saol breá beomhar ag pobal aiteach na Gaeilge sa lá atá inniu ann. Bíonn ciorcail chomhrá agus imeachtaí ealaíne á reáchtáil trí mheán na Gaeilge i measc an phobail aitigh, tá foclóir téarmaíochta LADTA+ againn agus tá scéalta ár bpobal le fáil fud fad litríocht na Gaeilge nua-aoisí.
Ach níorbh amhlaidh a bhí cúrsaí i gcónaí. Fágadh an pobal aiteach amach as saol na Gaeilge go dtí le gairid. Le fada an lá, mhothaigh (agus mothaíonn fós) cuid mhór daoine gur gá rogha a dhéanamh idir a bhféiniúlacht mar Ghaeilgeoir agus a bhféiniúlacht mar dhuine aiteach.
D’fhulaing a lán daoine aiteacha leithcheal i measc lucht labhartha na Gaeilge agus is minic nár cuireadh fáilte roimh an Ghaeilge i spásanna LADTA+ ach oiread.
Ba é an toradh air sin ná deighilt láidir idir an aiteacht agus an Gaelachas. Tá sin ag athrú anois le blianta beaga anuas, ach tá neart oibre le déanamh fós chun an Ghaeilge a dhéanamh chomh hionchuimsitheach agus is gá sa tsochaí atá againn inniu.
Ós rud é gur múnlaíodh forbairt na Gaeilge nua-aoisí tríd an chóras oideachais agus toisc go raibh ról lárnach ag an eaglais sa chóras chéanna, ní bhíonn an deis chéanna ag daoine aiteacha foghlaim faoina bhféiniúlachtaí trí mheán na Gaeilge mar a bhíonn acu i mBéarla.
Is minic fiú nach mbíonn focail mheasúla ag Gaeilgeoirí LADTA+ chun labhairt fúthu féin as a dteanga féin.
Mar a léiríonn J. Woods san alt ‘Aithníonn queeróg queeróg eile’, ó bunaíodh na Sé Chontae Fichead, chuir an stát agus an eaglais gnéithe coimeádacha agus Caitliceachas na Gaeilge chun cinn trí chinsireacht a dhéanamh ar théacsanna agus ar fhoclóirí na Gaeilge.
Fuair siad a lán cumhachta tríd an smacht a bhí acu ar an fhoclóireacht agus tá toradh a gcuid oibre fós le feiceáil i ndearcadh an ghnáthdhuine i leith na Gaeilge inniu: “cén bhaint a d’fhéadfaí a bheith ag an Ghaeilge le cúrsaí aeracha?’
Go díreach dá bharr sin, tá sé tábhachtach go nglacann daoine aiteacha páirt ghníomhach i bhforbairt na Gaeilge chun an teanga nua-aoiseach a mhúnlú de réir riachtanais an phobail.
Cumadh roinnt mhaith téarmaí nua le blianta beaga anuas, ar nós “aiteach”, “neamh-dhénártha ó thaobh inscne de”, “trasinscneach”, agus tá siad le cloisteáil i mbéal an phobail anois toisc go bhfreastalaíonn siad ar fhíor-riachtanais atá sa phobal.
Buntáiste ar leith a bhaineann le mionteangacha ná nach bhfuil sé chomh deacair páirt a ghlacadh ina bhforbairt. Bíonn sé réasúnta éasca dúinne dul i dteagmháil agus comhoibriú le cainteoirí eile agus rudaí a athrú taobh istigh den phobal urlabhra beag seo.
Pléitear go minic cé chomh casta is atá sé labhairt i nGaeilge faoi dhaoine neamh-dhénártha gan iad a mhí-inscniú. Bhuel, cumaimis forainmneacha neodracha as an nua mar sin!
Mura bhfuil muid sásta le téarmaí atá ann cheana féin, cuirimis moltaí faoi bhráid an Choiste Téarmaíochta agus athraímis an teanga!
Cuidíonn ionchuimsitheacht linn briseadh amach as seanghnásanna leatromacha agus ról dearfach a ghlacadh inár gcultúr dúchais. Is linne an teanga chomh maith.
San am atá thart baineadh úsáid as dlíthe as ré na coilíneachta chun daoine aiteacha a choinneáil faoi smacht. Anois tá sé de dhualgas orainn go léir an teanga a aisghabháil mar ghníomh díchoilínithe agus í a dhéanamh níos ionchuimsithí chun an Ghaeilge a spreagadh i measc pobal níos leithne.
Céim ar aghaidh i dtreo an díchoilínithe é agus céim ar aghaidh i dtreo shaoirse an phobail aitigh chomh maith.
~ Alt scríofa ag Tadhg Mac Eoghain atá ag cur faoi i mBeirlín