Bhí baill Misneach ag agóid ar son chearta teanga, cearta pleanála agus cearta tithíochta a d’eagraigh Todhchaí na Tuaithe, Breandán Ó Beaglaoich agus muintir Chorca Dhuibhe inné (30/09/2021). Bhí slua réasúnta ann de 100-150 duine lasmuigh de Theach Laighean.
Reáchtáladh an agóid i ngiorracht do dhá agóid eile a bhí ag titim amach ar an láthair chéanna. Ceann amháin a bhain le hOspidéal an Uaimh, agus ceann eile a bhain le cúrsaí tithíochta chomh maith, ‘sé sin agóid mar gheall ar an scannal mica agus pyrite.
Bhí neart clúdach ó na meáin d’agóid Todhchaí na Tuaithe. Reáchtáladh seisiún ceoil ar feadh cuid den am, rud a chur le hatmaisféar na hagóide. An ceart le maireachtáil sa Ghaeltacht do mhuintir na Gaeltachta a bhí mar phríomhéileamh ag an lucht agóide.
Is féidir éisteacht le hagallaimh a chuireamar ar Bhreandán píosa ó shin faoi na ceisteanna úd anseo
I dteannta Mhisneach, bhí baill Chonradh na Gaeilge, baill an Rabharta Ghlais, Sinn Féin, comhairleoirí neamhspleácha, dreamanna ó Ghaeltachtaí eile amhail Ráth Chairn agus Cois Fharraige, agus Gaeil aonaracha sa slua.
Bhí Michael Healy-Rae le feiceáil sa slua ar feadh tréimhse chomh maith. Má bhaintear an téip dhearg den phróiseas tógála i nGaeltacht Chiarraí rachaidh sé chun leasa siúd agus comhlacht gléasra tógála a dheartháir.
Bíodh sin mar atá, i dtuairim Mhisneach, tá ceist na tithíochta sa Ghaeltacht ar cheann de na gaid is gaire do scornach na Gaeilge trí chéile sa lá atá inniu ann.
Ní gá dúinn trácht ar na himpleachtaí a bheadh ag bás na Gaeltachta ar an nGaeilge trí chéile – ar an saibhreas teanga, ar an nGaelscolaíocht, ar na meáin chumarsáide Gaeilge, ar mheanma na nGael.
I ndáiríre, níor chóir go bhfágfaí é faoi dhream beag deonach amháin, nó pearsantacht aonair amháin, amhail Todhchaí na Tuaithe agus Breandán Ó Beaglaoich, feachtas den sórt seo a eagrú.
Is mithid do na ceanneagraíochtaí uilig a ndícheall a dhéanamh feachtas leanúnach den sórt seo a thiomáint, óir tá acmhainní daonna, scileanna agus am acusan nach bhfuil ag grúpaí deonacha.
Tá pleananna maithe thithíochta déanta cheana, ach caithfear feachtas ar an talamh sa Ghaeltacht agus sna bailte a bheith taobh thiar de na moltaí sin – feachtas a chuireann brú ceart ar na polaiteoirí ó na sráideanna agus a dhíríonn ar an mbánú tuaithe fud fad na tíre seachas sa Ghaeltacht amháin.
Tá Misneach ag déanamh ar ndícheall feachtas dá shórt a thógáil aineoinn na constaicí atá romhainn.
Tá spriocanna agus éilimh na hagóide a bhí ar siúl inné leagtha amach go beacht anseo:
PRÍOMHAIDHMEANNA THODHCHAÍ NA TUAITHE
1. Go mbeadh Gaelainn líofa agus sárthuiscint ar thionchar an phróiséas phleanála ar labhairt laethúil na Gaelainne sna ceantair Ghaeltachta ag pleanálaithe na Comhairle Contae atá ag feidhmiú sna ceantracha Gaeltachta.
2. Go mbeadh ar chumas iarrthóirí Gaeltachta a gcuid gnó go léir leis an údarás áitiúil a dhéanamh trí mheán na Gaelainne – idir chruinnithe agus comhfhreagras scríofa.
3. Go dtabharfaí aitheantas do bhailte fearainn na Gaeltachta mar aonaid phleanála fé leith agus go ndéanfaí limistéir fé leith le haghaidh tithíochta a zónáil laistigh de gach baile fearainn chun tacú le patrún lonnaíochta traidisiúnta na Gaeltachta.
4. Go gcuirfí tionchar teanga an iarrthóra san áireamh agus breithiúnas á thabhairt ag an údarás áitiúil ar iarratais phleanála sa Ghaeltacht.
5. Go scríobhfaí plean tithíochta don nGaeltacht, ar mhúnla pleananna tithíochta atá i bhfeidhm in áiteanna eile san Aontas Eorpach1agus sa Ríocht Aontaithe,2chun tacú le muintir na háite agus le lucht labhartha na Gaelainne tithe cónaithe a cheannach agus a thógaint fén dtuaith sa Ghaeltacht.
6. Go ndéanfaí ceangal láidir oifigiúil idir polasaithe tithíochta agus an phleanáil teangan sa Ghaeltacht, .i. go mbeadh sé d’iachall ar na húdaráis phleanála Gaeltachta athbhreithniú bliantúil a dhéanamh ar an dtionchar atá ag na cinntí pleanála sa Ghaeltacht ar labhairt laethúil na Gaelainne sa Ghaeltacht.