Caillteanas
Cailleadh mo mháthair go tobann an mhí seo caite. Ba rud fíordheacair é. Ní féidir cur síos ar na tonnta dobróin a mhothaíonn tú arís is arís eile nuair a chailleann tú duine ar bith, gan trácht ar an duine a thug isteach sa tsaol seo thú.
Agus mé ag labhairt le mo ghaolta go léir agus le cairde an teaghlaigh chun an drochscéal a chur ina láthair, ba thógáil croí dom a bheith ag éisteacht leis na scéalta agus dea-chuimhní uile a d’inis siad faoi mo mháthair. Chuala mé scéalta nár chuala mé riamh roimhe, agus mhothaigh mé fíorbhuíoch as an deis rud nua a fhoghlaim fúithi.
Ansin tháinig aiféala orm nár chuir mé níos mó ceisteanna ar mo mháthair faoina saol agus í fós beo. Thug mé faoi deara an méid eolais atá caillte i ndiaidh a báis. Is mór an trua é: cailltear saol iomlán nuair a chailltear duine. Cailltear a scéalta, a chuimhní, a bhéasa, a chríonnacht.
Is amhlaidh atá sé i gcás teangacha chomh maith. Nuair a chailltear teanga, cailltear an oidhreacht chultúir dholáimhsithe uile a ghabhann léi: an béaloideas, na traidisiúin, an chruinneshamhail ar fad. Agus sin léargas amháin atá á bhaint agam as próiseas an bhróin seo.
Ní leor an phráinn a bhíonn le cúrsaí Gaeilge, i mo thuairimse. Ní dóigh liom go dtugtar faoi deara cá mhéad atá i mbaol a chaillte.
Is oidhreacht thábhachtach an teanga féin, cinnte, ach is feithicil í chomh maith a iompraíonn saibhreas cultúir agus oidhreachta nach mairfeadh gan í. Tá sé de dhualgas orainn an saibhreas sin a chothú agus a fhás.
Thaispeáin an phaindéim reatha dúinn cé chomh gasta agus is féidir athrú mór teacht ar an tsaol, agus dá bharr sin, ní mór an deis a thapú gníomhú ar son ár dteanga anois. Éirí as rudaí a chur ar an mhéar fhada.
Má tá sé ar intinn agat dán a scríobh i nGaeilge, cuir peann le pár inniu. Má tá tú ag lorg comhluadair trí mheán na Gaeilge, tá daoine eile thart ort agus an fonn céanna orthu – déan imeachtaí a reáchtáil.
Tá an saol gairid agus níl againn ach an t-am i láthair. Ní fiú aiféala a bheith orainn maidir le caillteanais áirithe ar féidir iad a sheachaint.
le Tadhg Mac Eoghain