Tá díospóireacht mhór ag titim amach le déanaí maidir le “Cealú an Teaghlaigh” mar sprioc polaitíochta. Ach cad go díreach atá i gceist leis an mana sin?
Is as an ngluaiseacht feimineach a d’eascair sé, agus maíonn lucht tacaíochta na sprice sin gurb í institiúid patrarcach an teaghlaigh núicléach ceann des na bunchúiseanna is mó le go leor des na deacrachtaí atá inár sochaí.
Tagann an mana “Cuir Deireadh leis an Teaghlach” ó smaointí teoiricithe Marxacha agus feimineacha ar nós Silvia Federica, a chum an t-éileamh cáiliúil “Pá le haghaidh Obair Tí” siar sna seachtóidí.
Is éard atá i gceist leis an dtéarma “An Teaghlach Núicléach” ná an bhuníomhá a shamhlaítear d’fhormhór againn nuair a chloiseann muid an focal “clann” nó “teaghlach” – athair, máthair agus páistí. Ní áirítear sa mhúnla seo na seantuismitheoirí, uncail, aintíní, col ceathracha ná aon eagrúcháin clainne nach leanann gnáthnósanna heitrighnéasacha na buníomhá sin.
Clann de dhaoine geala lonnaithe i dteach leathscoite i mbruachbhaile éigin, le 2.5 páistí, an t-athair ag obair agus an mháthair ag ullmhú a chuid béilí, a shamhlaítear de ghnáth. Tá an íomhá seo tagtha chugainn ó scannáin agus na meáin chumarsáide, cé nach mar sin ar chor ar bith a tógadh cuid mhór againn.
Is éard a léirigh Federici agus a comrádaithe ná go bhfuil insititiúid na clainne núicléiche mar chuid lárnach d’athghiniúint shóisialta an chórais chaipitlíoch.
Is sa bhaile agus faoi chúram na mban de ghnáth a thógtar agus a chotaítear fir oibre na dtionscal caipitlíoch. Beathaítear iad, freastalaítear ar a gcuid riachtanas ar fad, tugtar dóibh tar éis an lá oibre, soláthraítear bia agus leaba agus éadaí glana dóibh, tugtar aire dóibh nuair atá siad tinn, gortaithe nó imithe in aois, agus sin uilig gan luach saothair ar bith ó lucht an rachmais – obair saor in aisce ar son an chórais chaipitlíoch, mar dhea.
Is bunchloch lárnach d’athghiniúint an chórais chaipitlíoch féin mar sin í an chlann – murach an obair chúraim sin, ní bheadh lucht oibre ann don chóras.
Ach níorbh í Federici an chéad teoiriceoir riamh le deireadh an teaghlaigh núicléach a mholadh mar sprioc pholaitiúil. Mhol Marx é fhéin cealú na clainne san Fhorógra Cummanach:
“Céard air a bhfuil teaghlach an lae inniu, an teaghlach buirgéiseach, bunaithe? Ar chaipiteal, ar leas príobháideach … Imeoidh an chlann le sruth le himeacht chaipitil.”
Níorbh é Marx an t-aon teoiriceoir de chuid an luath-Cummanachais a leag síos a chuid smaointí ar an gceist seo. Ina leabhar ‘Bunús an Teaghlaigh, an tSealúchais Príobháideach, agus an Stáit’ rinne a chomrádaí Friedrich Engels cur síos ar an nasc idir teacht chun cinn an teaghlaigh mhonagamaigh – agus an cos ar bolg a rinneadh ar mná ann – agus an stát chaipitlíoch. “Sa teaghlach”, dúirt sé, “is é an fear an buirgéiseach, is í an bhean a bhíonn in áit na prólatáireachta.”
Cuirtear i leith na clainne mar institiúid shóisialta chomh maith gurb ann a tharlaíonn cuid mhór den fhoréigean agus mí-úsáid ghnéis in aghaidh ban agus páistí sa tsochaí seo.
In ainneoin sin, tá brú nach beag ar dhaoine óga páirtí a lorg agus socrú síos leo ar chúiseanna airgeadais seachas cúiseanna rómánsúla – tá sé i bhfad níos deacra do dhaoine aonair morgáiste a fháil, ar an gcéad dul síos. Chomh maith le sin, tá sé an-deacair ar fad do dhaoine éalú ó chaidreamh mí-úsáide ar na cúiseanna díreach céanna, nuair atá baol ann go mbeidh siad gan dídean.
Ag an am céanna, déantar beag is fiú d’aon eagrúchán clainne eile nach gcloíonn leis an múnla atá leagtha amach ag na rialacha a bhaineann leis an dteaghlach núicléach – tuismitheoirí aonair, mná gan leanaí, lánúineacha aeracha, gaoil neamhmhonogamacha agus samplaí eile nach iad.
Ó aimsir Alexandra Kollontai i luathbhlianta an Aontais Shóivéadaigh ar aghaidh, b’éileamh lárnach de chuid na gluaiseachta feiminí é, ní hamháin go ndéanfadh fir an oiread oibre laistigh den teaghlach is a dhéanann mná, ach go gcruthófaí líonra leathan seirbhísí tacaíochta ar bhonn phobail, lasmuigh den teach.
Bhainfeadh a leithéad de ghreasán seirbhísí pobail go mór den bhrú ar mhná ó thaobh obair chúraim de, agus bhainfí an obair sin amach ón dteach agus ón dteaghlach núicléach dá bharr.
D’éiligh Kollantai agus na feiminigh a tháinig ina diaidh naíonra náisiúnaithe, cistineacha pobail, agus seirbhísí comharsanachta níocháin. An sprioc a bhí leis na scéimeanna sin ná ualach an obair chúraim a bhaint ó mhná, le spás a thabhairt dóibh páirt a ghlacadh i saol polaitiúil, sóisialta agus eacnamaíoch an phobail.
Chuige sin, ba ghá an teaghlach a chealú mar aonad geilleagrach a dhéanann cos ar bolg ar mhná agus orthu siúd atá difriúil.
In aimsir seo na déine agus an nualiobrálachais, tá níos mó seachas níos lú ag brath ar an dteaghlach núicléach, áfach. Le ciorruithe ar sheirbhísí pobail ar a raibh daoine, idir óg agus aosta, ag brath, tá breis brú ar an dteaghlach, agus ar mhná ach go háirithe, na bearnaí sin a líonadh.
Cás na Gaeilge
Ach más fíor sin uilig, agus más fíor gur gá an chlann a scriosadh mar institiúid geilleagrach chun cothrom na féinne a bhaint amach do gach éinne, an bhfuil baint ar bith aige sin le cás na Gaeilge?
Nuair a labhraítear faoi sheachadadh idirghlúine na Gaeilge, is ar bonn clainne a shamhlaítear an próiséas sin go minic.
I measc na staitisticí a thagann chugainn ón tsochtheangeolaíocht, feictear go mbíonn tionchar níos mó ag teanga na máthar ná an athar ar an ndóchúlacht go labhróidh na páistí Gaeilge.
Más Gaeilge a labhraíonn an mháthair, is mó seans go mbeidh an teanga ag na leanaí, beag beann ar theanga an athar. Léamh amháin air seo ná an tábhacht a imríonn an teaghlach núicléach i seachadadh idirghlúine na “máthairtheanga”. Léamh eile air, dar ndóigh, ná nach amháin go dtiteann an dualgas ar mhná go minic formhór an obair tí – aire a thabhairt do na páistí ach go háirithe – a dhéanamh, ach go bhfuil todhchaí iomlán na Gaeilge ag brath orthu chomh maith.
Ach i sochaí atá go hiomlán dírithe ar an mBéarla, is dúshlán ollmhór agus beagnach dodhéanta é d’fhormhór theaghlach na tíre seo – teaghlaigh ina bhfuil Gaeilge líofa ag na tuismitheoirí ina measc – leanaí a thógáil le Gaeilge.
Is gá a bheith i do “ghníomhaí teanga” agus “a bheith de shíoraí ag faire amach” le tabhairt faoin dúshlán sin, dar le Peadar Mac Fhlannchadha, ina aiste ar an gceist céanna, An Tuismitheoir mar ghníomhaí.
Tá na staitisticí is déanaí ó thaighde eagraíocht amháin, Tuismitheoirí na Gaeltachta, duairc go maith maidir le héifeacht na stráitéise seo chun an Ghaeilge a thabhairt slán – níl ach 23% de theaghlaigh Ghaeltachta ag tógáil a gcuid páistí le Gaeilge.
Mar is léir, is gá dúinn seachadadh idirghlúine na Gaeilge a thuiscint i gcomhthéacas an phobail, ní mar rud atá teoranta d’obair teaghlaigh aonaracha. Is próiséas é a tharlaíonn, ní sa mionaonad clainne amháin, ach ar bonn phobail?
Más ea, is ar na líonraí pobail uile a thugann tacaíocht don nglúin úr agus iad ag teacht aníos ar gá dúinn ár n-iarrachtaí a dhíriú, agus gan todhchaí na Gaeilge a fhágáil ar theaghlaigh bheaga aonaracha agus imeallacha.
Sa Ghaeltacht, agus san iar-Ghaeltacht tráth, ba theanga phobail agus ní teanga clainne amháin í an Ghaeilge, agus is sa phobal a tharla an t-aistriú ó ghlúin go glúin.
Sa lá atá inniu ann, mar a léiríonn an Dunbarrach ina leabhar nua, Síolta: pobail Ghaeilge úra agus na daoine a thóg iad, cé go leagann sé fhéin an-bhéim ar thábhacht na clainne don teanga, is i measc dlúthgreasán atá lonnaithe i bpobail áitiúla faoi leith is mó ar féidir borradh agus neartú na Gaeilge a thabhairt faoi deara, agus ní i measc teaghlaigh aonaracha amháin.
Ní sin le rá nach bhfuil tábhacht as cuimse leis na teaghlaigh atá ag tógáil a gcuid páistí le Gaeilge in ainneoin bhrú millteanach an Bhéarla, agus nach eiseamláir dúinn iad ar fad.
Is éard atá le rá ná gur snámh in aghaidh easa atá i gceist d’uireasa an bhonneagair phobail atá de dhíth chun an teanga a chur ar aghaidh ó ghlúin go glúin.
Más ar iarrachtaí teaghlaigh agus tuismitheoirí amháin atá todhchaí na Gaeilge ag brath, fágfar brú ollmhór ar na tuismitheoirí céanna. Ní hamháin sin, áfach, ach fágfar na Gaeil eile uile sa phobal mór, idir seanóirí, daoine aonair agus daoine gan leanaí, go hiomlán ar lár ón stréachailt chun an teanga a thabhairt ar aghaidh chuig an chéad ghlúin eile, is cuma cén bá atá acu don teanga, nó cén cumas agus saineolas agus taithí saoil atá acu maidir léi.
Agus fágfar ar lár chomh maith na páistí agus daoine óga fud fad na tíre atá ag fás aníos i dteaghlach gan Gaeilge – ach go háirithe páistí óga sa Ghaeltacht a d’fhéadfadh a bheith mar chuid de shlabhra neamhbriste idirghlúine na Gaeilge bíodh is nach bhfuil Gaeilge ag a dtuistí.
Is gá greasán leathan seirbhísí tacaíochta pobail a chur ar fáil chun cuidiú le pobail Ghaeltachta an seachadadh idirghlúine teanga sin a chur i gcrích ar bhonn phobail. B’fhéidir, ar an dóigh sin, gur féidir leis an bpobal i gcoitinne, agus ní tuismitheoirí amháin, a bheith páirteach i slánú na teanga agus i seachadadh na Gaeilge ó ghlúin go glúin.
Faraor géarr, áfach, tá go leor de bhonneagar sóisialta na Gaeltachta ídithe go mór le blianta fada anuas, mar thoradh díreach ar na gearchéimeanna dífhostaíochta agus tithíochta agus ar chiorruithe an rialtais.
Sa léamh seo ar an scéal, d’fhéadfaí a mhaíomh gur cinneadh d’aonghnó de chuid na n-údarás é gearradh siar ar sheirbhísí tacaíochta na Gaeltachta, agus ina leaba sin fás nó bás na Gaeilge a fhágáil faoi theaghlaigh aonair.
Gan an gréasán tacaíochta sin, gan Gaeilge á labhairt ag comharsana agus cairde, ní bheidh sna teaghlaigh atá ag tógáil clainne le Gaeilge ach eisceachtaí imeallacha.
Tá gá, mar a d’éiligh leithéidí Federici agus Kollontai, le réimse leathan seirbhísí pobail le dualgais athghiniúint shóisialta na sochaí a bhaint ón dteaghlach núicléach.
Ar an ábhar céanna mar sin, agus ag tógáil ar iarrachtaí pobail fud fad na tíre, an féidir greasán leathan pobail a aththógáil le tacú leis an aos óg agus leo siúd atá ag tógáil páistí le Gaeilge. Ní ar theaghlaigh núicléacha amháin ar féidir an dualgas maidir le athghiniúint phobail teanga na Gaeilge a fhágáil.