‘You cannot teach a starving man Gaelic’ – easpa tacaíochta is cúis le meath na Gaeltachta
Dá mba fhear gealltóireachta mé, bheadh pingin deas déanta agam dá mbeadh geall curtha agam go mbeadh titim i líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa daonáireamh is déanaí, agus gurbh amhlaidh a bheadh an scéal do chainteoirí sa nGaeltacht.
Agus dá gcuirfí ceist ar dhaoine eile le fios a ngraithe sular eisíodh na torthaí is déanaí, bheadh an tuar céanna déanta ag go leor acu, déarfainn. Dea-scéal é gan dabht an t-ardú ar líon na ndaoine a deir go bhfuil Gaeilge de chineál éigean acu sna 26 Contae, ach mar sin féin tá tuiscint choitianta ann nach bhfuil na polasaithe reatha sách láidir leis an nGaeilge a chosaint sa nGaeltacht, mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo go minic.
Déantar dearmad go rómhinic sa dioscúrsa ar dhán na teanga, áfach, ar an nasc idir staid na Gaeilge agus forbairtí eacnamaíochta agus polaitiúla nach mbaineann le cúrsaí teanga per se.
Mar a mhínigh mé i leabhar a tháinig amach le déanaí faoi pholasaí Gaeilge an stáit ó 2008, tá nasc díreach idir an titim thubaisteach a bhí le feiceáil i líon na gcainteoirí laethúla taobh amuigh den chóras oideachas in 2016 agus na ciorruithe ollmhóra a rinneadh ar chaiteachas poiblí tar éis 2008.
Faoi 2016 bhí dochar na déine le haireachtáil go fairsing – gearradh buiséad Údarás na Gaeltachta agus go leor grúpaí eile go cnámh sa tréimhse sin.
Anois i bhfigiúirí 2022 feiceann muid titim eile ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge taobh amuigh den chóras oideachais, bíodh is nach bhfuil sé chomh dona is a bhí in 2016. Agus muid ag míniú an mhaolaithe sa ráta meatha sin, creidim go bhfuil sé riachtanach breathnú ar an méadú a tháinig ar bhuiséad grúpaí cosúil leis an Údarás, bíodh is go bhfuil a mbuiséad siúd fós breis is 43% faoi bhun an mhéid a bhí acu in 2008. Ní tús agus deireadh na pleanála teanga é an t-airgead, ach gan é is deacra chuile shórt, gan dabht.
Mar a scríobh mé ar Tuairisc roimhe seo, tá dlúthbhaint ag an treocht ghinearálta chun meatha sa nGaeltacht le nádúr an stáit nualiobrálaigh atá againn sna 26 Contae (agus ó thuaidh – ach sin ábhar d’alt eile).
Tugtar an “nualiobrálachas” ar an gcineál caipitleachais atá i réim go hidirnáisiúnta ó bhí na 1970idí ann, agus a tháinig i dtreis in Éirinn le linn an Tíogair Cheiltigh. De réir na teoirice seo, níor chóir don stát a ladar a chur isteach sa margadh ach amháin le tacú le lucht caipitil (rátaí cánach an-ísle a ghearradh ar na comhlachtaí is mó ar domhan, mar shampla), agus níor chóir infheistíocht shuntasach a dhéanamh i bpolasaí poiblí – polasaí teanga san áireamh.
De bharr na hidé-eolaíochta seo atá an ghéarchéim tithíochta, droch-chórais iompair agus sláinte againn, agus géarchéim reatha na Gaeltachta chomh maith.
Tá daoine a déarfadh go bhfuil iarracht shuntasach ar son na teanga ar siúl le próiseas na pleanála teanga. Scríobh mé féin péire de na pleananna sin, agus tá ardmheas agam ar na daoine atá ag obair ar chur i bhfeidhm an phróisis.
Ach níl meas agam ar an bpróiseas é féin – atá róchúng agus lag chun athrú mór a dhéanamh. Ní cheadaítear caint faoi phleanáil tithíochta, fostaíochta nó bonneagair sna pleananna seo, cé gur iad sin na rudaí is mó a luann muintir na Gaeltachta agus iad ag caint ar thodhchaí a bpobal.
Ná déanaimis dearmad choíche gur shiúil páirtithe an fhreasúra amach ón Dáil mar agóid toisc nár ghlac an stát le haon cheann de 150 moladh a rinneadh le linn an phlé ar Acht na Gaeltachta 2012, a chruthaigh an próiseas pleanála teanga.
I gcomparáid leis an méid a theastaíonn, tá na hacmhainní atá ann don phróiseas suarach, agus fiú iad sin sciobtha ó chiste choiriú na mbóithre Gaeltachta. Tarraingt siar an stáit ó fhreagracht i leith na Gaeltachta – díreach mar atá déanta i gcúrsaí tithíochta agus eile – atá in Acht na Gaeltachta, ar shampla iontach é den pholasaí poiblí nualiobrálach.
Tá freagracht gan chumhacht tugtha do phobail bheaga imeallacha atá go minic ar an ngannchuid, fhad is a fhaigheann corparáidí agus creach-chistí cumhacht gan fhreagracht.
Go deimhin, agus géarchéim tithíochta agus costais maireachtála ann, cé is moite de mhionlach beag de dhíograiseoirí, tá fadhbanna níos mó ag formhór na nÉireannach ná a bheith ag smaointiú ar sheachadadh na Gaeilge ó ghlúin go glúin. “You cannot teach a starving man Gaelic,” a dúirt Séamus Ó Conghaile in 1898 – tuairim a thagann le go leor den taighde is déanaí san eolaíocht pholaitiúil faoi idé-eolaíochtaí.
Mar a bheas a fhios ag go leor de léitheoirí Tuairisc, tá polasaí teanga i bhfad níos láidre sa mBreatain Bheag, áit a bhfuil cónaí orm féin. Ach fiú anseo, bhí laghdú i líon na gcainteoirí Breatnaise le sonrú sna torthaí daonáirimh a foilsíodh i mí na Nollag. Dar le Cymeithas yr Iaith Gymraeg, an grúpa a thiomáin an dul chun cinn i gcearta Breatnaise ó bhí na 1960idí ann, nár chóir go mbeadh ionadh ar bith ar dhaoine faoin titim sin ach oiread. Bíodh is go bhfuil 23% de scoileanna na tíre ag múineadh trí Bhreatnais agus go bhfuil clár cúrsaí eiseamláireacha ann d’fhoghlaimeoirí fásta, fhad is atá an stát ag dúnadh séirbhísí riachtanacha i bpobail Bhreatnaise agus ag déanamh neamhaird ar fhadhbanna soch-eacnamaíochta eile, níl seans go mbainfear amach an sprioc de mhilliún cainteoir faoi 2050. Nuair atá fiú líon na gcainteoirí Breatnaise ag titim, ní hionadh é go mbeadh fadhbanna móra againn in Éirinn.
Tá ábhar díomá go leor sna figiúirí nua daonáirimh, gan dabht. Ach tá ábhar dóchais ar fáil dúinn chomh maith – ní hamháin sa mhéadú a tháinig ar líon na gcainteoirí i gCiarraí agus Port Láirge, ach i samplaí ó áiteachaí cosúil le Tír na mBascach, áit a bhfuil infheistíocht ollmhór tar éis cur go mór le láidreacht na teanga. Is fiú dúinn cuimhniú freisin gur féidir le polasaí timpeallachta agus teanga tacú lena chéile, rud atá níos riachtanaí anois ná riamh.
Cé nach raibh sé go hiomlán rathúil, chaith lucht an choilíneachais acmhainní ollmhóra i gcaitheamh na gcéadta bliain ar fheachtas brúidiúil le teanga na coitiantachta in Éirinn a athrú ó Ghaeilge go Béarla. Tógfaidh sé iarracht chomh mór céanna inniu le teanga dhúchais na tíre a chur chun cinn. Ach leis seo a dhéanamh caithfear athrú bunúsach a bheith sa gcaoi a ndéanann an stát polasaí poiblí – cur chuige a rachadh in éadan na treochta nualiobrálaí atá i réim ar fud an domhain le blianta fada anuas. Fúinne uilig ar chás linn an Ghaeilge atá sé le cinntiú go dtarlaíonn an t-athrú radacach seo.
- Léachtóir i Roinn na Breatnaise agus an Léinn Cheiltigh in Ollscoil Aberystwyth é an Dr Ben Ó Ceallaigh, Foilsíodh a leabhar Neoliberalism and Language Shift: Lessons from the Republic of Ireland Post-2008, faoi chlúdach bog le déanaí. Tá sé sásta an PDF a roinnt le duine ar bith atá á iarraidh. Foilsíodh an t-alt thuas ar Tuairisc.ie ar dtús ar an 1ú Meitheamh 2023