Agus muid in aimsir thoghcháin sna sé chontae fichead tugtar spléachadh ar an gcéad toghchán i stair an tSaorstáit a tharla os cionn 100 bliain ó shin.
Tharla toghchán mhí Lúnasa 1923 faoi scamall an Chogaidh Chathartha a mhair ó Mheitheamh 1922 go dtí an 30 Aibreán 1923. Ritheadh bille sa tríú Dáil a thug cead don rialtas, a bhí ar son an Chonartha Angla-Éireannaigh, poblachtaigh i ngéibheann a chur chun báis.
Ghlaoigh lucht an tSaorstáit “an Bille Chun Cosanta na Puiblíochta (Comhachta Ocáideacha), 1923” ar an mbille seo. Bhaist poblachtaigh an ‘Bille Dúnmharfach’ air.
Chuir an Saorstát, faoi bhagairt Impireacht na Breataine, 81 poblachtach chun báis chun Gluaiseacht na Poblachta a chuir faoi chois. Faoi fhómhar na bliana 1923, bhí 12,000 fear agus bean, poblachtaigh den chuid is mó, sa phríosún faoi théarmaí an bhille.
Bhí leanúnachas ann i dtaobh cúrsaí riaracháin idir an stát faoi réimeas na Breataine agus an Saorstát a tháinig ar an bhfód in 1922. Mar a scríobhann an staraí Alvin Jackson:
‘coinníodh formhór mór na státseirbhíseach: d’aistrigh corradh is 98 faoin gcéad den seanlucht riaracháin Briotanach go seirbhís Shaorstát Éireann’
Anuas air sin, bhí cuid mhaith de na nuachtáin, an Eaglais Chaitliceach agus na feirmeoirí móra agus lucht gnó tar éis tacú leis na Saorstátairí le linn an chogaidh.
Mar sin, ghlaoigh Liam Tomás Mac Cosgair, Uachtarán ar Ard-Chomhaire Shaorstát Éireann a bhí i bhfeighil an tSaorstáit, an toghchán agus buntáiste na bunaíochta ag a pháirtí, Cumann na nGaedhael. Bhuaigh Cumann na nGaedhael 39% den vóta, agus bhain siad 63 suíochán.
Ghnóthaigh poblachtaigh, faoi chinnireacht Éamon de Valera, 27.3% den vóta, toradh a thug 44 suíochán dóibh. Ach de bharr pholasaí neamhfhreastail na bpoblachtach, níor ghlac siad a suíocháin i dTeach Laighean.
Níor éirigh go maith le Páirtí an Lucht Oibre i dtoghchán na bliana 1923. Níor éirigh leo ach 10.6% den vóta a bhuachan. Ghlac an páirtí ról an fhreasúra agus gan ach 14 teachta dála acu.
‘Bhí drochléiriú an Pháirtí an Lucht Oibre, go háirithe i mBaile Átha Ciath’, arsa an staraí Anthony White, ‘mar gheall, cuid mhór, ar choimhlint mhór idir Séamas Ó Lorcáin agus ceannairí Pháirtí an Lucht Oibre.
De bhrí gur thacaigh Páirtí na bhFeirmeoirí agus na teachtaí dála neamhspleácha leis an rialtas an chuid ba mhó den am, bhí seilbh na cumhachta i lámha Chumann na nGaedhael as sin go dtí 1927.
D’éirigh go maith le Cumann na nGaedhael i mBaile Átha Cliath, go háirithe i mBaile Átha Cliath Theas, áit ar ghnóthaigh an páirtí 55.2% den vóta – plus ça change, is dócha. Níor éirigh go maith leis an bpáirtí sna ceantair ina raibh na poblachtaigh láidir le linn an Chogaidh Chathartha – Corcaigh Thuaidh, Port Láirge, Ciarraí agus an Clár.
Mar sin féin, ní raibh eagar maith ar na poblachtaigh de bhrí go raibh go leor dá ngníomhaithe i ngéibheann. Rinne de Valera iarracht Sinn Féin a athneartú i Meitheamh na bliana 1923 chun dul san iomaíocht sa toghchán, ach ní raibh poblachtaigh aontaithe ar an gceist.
Bhí 64 de na 85 iomaitheoir poblachtacha i ngéibheann ag an am, agus le linn an fheachtais gabhadh de Valera agus é ag tabhairt óráide in Inis, Co. an Chláir.
Níl aon dabht ach gur reáchtáladh toghchán 1923 ag am corraitheach, eisceachtúil. Thairis sin, tugtar suntas don toghchán mar an chéad toghchán a thug cead do mhná os cionn 21 bliain d’aois vóta a chaitheamh, rud a bhí chun cinn ar chuid mhaith de thíortha na hEorpa.
De bharr gur úsáideadh an córas ionadaíocht chionmhar den chéad uair chomh maith tháinig iomaitheoirí neamhspleácha chun cinn sa toghchán céanna, agus ghnóthaigh siad 10.9% den vóta.
Agus tacaíocht idir 18% agus 22% á thuar d’iomaitheoirí neamhspleácha do thoghchán 2024, an mbeidh lámh lárnach acu i mbunú an chéad rialtais eile?