Tá an nualiobrálachas tar éis neamhshuim vótálaithe a chothú, ach tá teipthe ar Shinn Féin agus an eite chlé daoine a shlógadh

Tá an nualiobrálachas tar éis neamhshuim vótálaithe a chothú, ach tá teipthe ar Shinn Féin agus an eite chlé daoine a shlógadh

Is beag faoiseamh é dóibh siúd atá thíos leis polaiteoirí ag maíomh go bhfuil a vóta tar éis fás.

Tá an tuar tagtha faoin tairngreacht. Ní raibh aon bhorradh i dtreo Shinn Féin agus na hEite-Clé san olltoghchán. Dealraíonn sé go bhfuil cuid de vótaí Shinn Féin, óna buaic de 34% i bpobalbhreitheanna in 2022, imithe chuig páirtithe níos lú ar an lár-Chlé, neamhspleáigh, agus, b’fhéidir fiú, go dtí na faisistithe. 

Mar sin féin, níor tháinig ach timpeall 60% den phobal amach chun vótáil – an céatadán is ísle i dtoghchán sa stát ó 1923. Tá cúiseanna doimhne struchtúracha a chothaíonn drochfhreastal vótála.

Go hidirnáisiúnta, tá laghdú tagtha ar an ráta vótála ó aimsir an Dara Cogadh Domhanda i gcomhthéacs an nualiobrálachais – an córas geilleagrach ina maireann muid a fhágann cumhacht ollmhór i lámha lucht an rachmais.

Léirigh staidéar a déanadh in 2023, Turning off the base: Social democracy’s neoliberal turn, income inequality, and turnout, mar a d’fhorbair neamhshuim i measc vótálaithe an lár-Chlé.

Thagair an staidéar do ‘athruithe struchtúracha socheacnamaíocha, mar shampla an meath ar lucht oibre de bharr díthionsclaíochta agus domhandaithe, ach freisin athruithe beartais, cosúil le glacadh [na páirtithe lár-Chlé] le liobrálachas an mhargaidh’.

Tá páirtithe an lár-Chlé anois ar a sháimhín só le status quo a chothaíonn éagothroime ioncaim, córas tithíochta faoi threoir na mbanc agus na bhforbróirí, cúram sláinte leath-phríobháidithe, agus seirbhísí poiblí ar bheagán mhaoinithe.

Tá an daonlathas curtha ar leataobh ag billiúnaithe atá i bhfeighil an gheilleagair nualiobrálaigh, a bhfuil tionchar ollmhór acu ar an bpolaitíocht, agus a bhíonn i gceannas ar na meáin. Mura dtugann páirtithe an lár-Chlé dúshlán don chóras seo, ní slógfar daoine chun vótáil ar a son.

Sa mhullach air sin, is cosúil go bhfuil sé dodhéanta ag na páirtithe lár-Chlé aghaidh a thabhairt ar cheist na himirce laistigh de chomhthéacs caipitleach/impiriúlach. An bhfuil bealach ann, bunaithe ar anailís ábharach, atá idir phragmatach agus dhaonnúil?

Bealach a dhiúltaíonn do raiméis agus bréageolais faisisteach, ach atá réalaíoch faoin tionchar ar chomhdhlúthú an phobail nuair a thagann líon mór inimircigh isteach sa stát? Neosfaidh an aimsir.

Bhí cúiseanna eile le teip an lár-Chlé borradh a chuir fúthu: an easpa comhoibrithe á la gauche Française, struchtúir aicme agus tithíochta fadbhunaithe an stáit, na meáin deiseach atá ina namhaid, na naisc chumhachtacha atá go fóill idir pobail tuaithe agus leasanna na bhfeirmeoirí saibhre, agus géilleadh iomlán na gceardchumann do lucht an rachmais.

Thuigfeá neamhshuim an phobail i leith an ‘daonlathais’. Níl an ‘straitéis’ reatha atá ann faoi láthair chun vótáilte a stiúradh i dtreo an bhotháin toghchánaíochta ag obair. Caithfear gnáthdhaoine a chumhachtú. É sin, nó rachaidh daoine i dtreo na bhfaisisteach nó an indibhidiúlachais agus easpa spéise.

Cá bhfuil an ghluaiseacht pholaitiúil a nascann an troid ar son córas nua tithíochta, coinníollacha oibre agus costas maireachtála níos fearr, córais oideachais agus sláinte den scoth, agus an streachailt laethúil chultúrtha/díchoilíneach chun daoine a chumhachtú ar bhonn leanúnach?

Ba é an dúshlán suntasach deireanach don chóras in Éirinn an feachtas i gcoinne an Cháin Uisce, nuair a tháinig na céadta mílte amach ar na sráideanna agus cuireadh iallach ar an rialtas géilleadh. Faraor, níor cuireadh fuinneamh na gluaiseachta sin i dtreo feachtas tithíochta leanúnach ná athrú radacach níos leithne.

Tá cuid den dioscúrsa atá tagtha chun cinn ó chodanna den Eite-Chlé agus ó thacaithe Shinn Féin dochreidte – níl aon mhaith leis an gcur chuige go bhfuil ‘athrú ag teacht ach glacfaidh sé am’, do dhaoine óga atá ar tí eitleán a fháil go Sydney gan filleadh ar ais riamh, do dhaoine ar thralaithe ospidéil, agus dóibh siúd atá ar na sráideanna.

Tá gluaiseacht ón mbus aníos a bhfuil feachtais eile, seachas cinn toghchánaíochta, ina chroílár de dhíth go géar.

Níl aon chinnteacht ann go mbeidh na vótálaithe óga sin dílis do Shinn Féin agus don eite chlé go deo. Rachaidh cuid acu ar deoraíocht. Aistreofar dílseachtaí cuid eile má éiríonn leo fanacht agus a bheith ina n-úinéirí tí – cothaíonn úinéireacht maoine agus luachanna maoine laistigh den chomhthéacs caipitlíoch idé-eolaíocht indibhidiúlach.

Tá an chuma ar an scéal go bhfuilimid i dtréimhse ina bhfuil an fórsa is mó ar an eite chlé, Sinn Féin, ag moladh foighne dá lucht tacaíochta, mar a rinne na Pairnellítigh agus na Redmondítigh fadó. Foighne go bhfaighimis d’Éire Aontaithe, foighne go mbainfear amach rialtas cléach i dTeach Laighean, foighne don ‘athrú’.

Mhol Páirtí Parlaiminteach na hÉireann foighne ar feadh leathchéad bliain nach mór, agus níor éirigh leo aon rud suntasach a bhaint amach – ní go dtí gur éirigh na Fíníní agus lucht athbheochana cultúrtha mífhoighneach leis an bhfanacht síoraí a tharla aon dul chun cinn i ndáiríre. Bunaíodh eagraíochta ón mbun aníos a d’fhág a lorg ar stair na hÉireann.