Comhaontú Sykes-Picot 1916 agus Réiteach San Remo 1920: bunús fhoréigean an Mheánoirthir?
Bíodh is go ndéanann staraithe na bunaíochta, na meáin chorparáideacha agus rialtais na dtíortha impiriúlacha iarracht é a cheilt, is é an coilíneachas, agus a oidhreacht fhuilteach leanúnach, an chúis le cuid mhór d’fhoréigean an domhain sa lá atá inniu ann.
I gcásanna áirithe agus iad ag fágáil críocha gafa – anseo in Éirinn le hAcht Rialtas na hÉireann (1920) agus i ndeisceart na hÁise le hAcht Neamhspleáchas na hIndia (1947) – rinneadh críochdheighilt ar náisiúin agus pobail, rud a chuir go mór leis an gcoimhlint sna blianta ina dhiaidh sin.
In amanna eile, tháinig na tíortha coilíneachta le chéile chun críocha a roinnt agus línte a tharraingt ar léarscáileanna le go mbainfidís brabús na n-acmhainní nádúrtha agus daonna ó thíortha an domhain. B’amhlaidh a tharla ag Comhdháil Bheirlín (1884) a roinn críocha na hAfraice idir na mórchumhachtaí.
Chuir an teannas idir na mórchumhachtaí céanna i ngeall ar a gcuid ‘maoine’ san Afraic – ar a nglaoitear an Sciobadh ar an Afraic (the Scramble for Africa) – go mór le briseadh amach an Chéad Chogaidh Dhomhanda in 1914.
Leanadh leis an gcur chuige céanna le linn na coimhlinte, fiú. Le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda tháinig an Ríocht Aontaithe agus an Fhrainc le chéile faoi rún. Ainneoin gur bualadh ar an Entente ag Gallipoli agus sa Mheaspatáim, creideadh go mbeadh na críocha faoi smacht Impireacht na nOtamánach ar fáil tar éis dheireadh an chogaidh.
I dtreo dheireadh na bliana 1915 agus thús 1916 chuaigh Mark Sykes, príomhchomhairleoir na Ríochta Aontaithe ar an Neasoirthear, agus Francois Georges-Picot, dlíodóir ó thaobh gairme de agus taidhleoir don Fhrainc, i mbun margála chun na críocha Arabacha a roinnt.
Ba é aidhm na hidirbheartaíochta ná Impireacht na nOtamánach a dháileadh eatarthu, mar a ndéanfaí le cáca breithlae. Bhí súil ghéar acu ar an ‘ór dubh’ faoi thalamh agus ar bhealaí tráchtála agus míleata. Ag pointe amháin, bhí deis ann go dtiocfaí ar réiteach leis na Turcaigh a shásaigh an Ríocht Aontaithe agus na Rúisigh. Ach chuir an Fhrainc bac air sin agus d’éiligh ní hamháin smacht ar an tSiria, ach smacht ar an Tuirc chomh maith.
I ndeireadh na dála, aontaíodh go bhfaigheadh an Rúis críocha in aice Stráice na Bosparaise, Cathair Chonstaintín, agus cúigí in Oirthear na hAnatóile. Gheobhadh Impireacht na Breataine Basra agus deisceart na Measpatáime (an Iaráic sa lá atá inniu ann), agus bheadh an chuid i lár baill, lenar áiríodh an Liobáin, an tSiria agus an Chilic (cuid den Tuirc faoi láthair), faoi smacht na Fraince. Bheadh an Phalaistín ina ‘críoch idirnáisiúnta’.
Tháinig Comhaontú Sykes-Picot, 1916, mar a ghlaoitear air, salach ar an margadh a rinneadh idir Impireacht na Breataine agus na náisiúnaigh Arabacha as a gcuid tacaíochta i gcoinne na Otamánach. Ní mó ná sásta a bhí na dreamanna sin ar theastaigh an féinchinneadh uathu nuair a tháinig sé chun solais gur dhein na mórchumhachtaí comhaontú rúnda eatarthu féin.
I ndiaidh Réabhlóid na mBoilséiveach in 1917 fuarthas cóip de Chomhaontú Sykes-Picot i gcartlanna rialtais. D’fhoilsigh Leon Trotsky an chomhaontú sa nuachtán Izvestia agus nochtadh pleananna na mórchumhachtaí buntáiste a bhaint as na críocha úd.
Ghlaoigh Lenin, ‘comhaontú na ngadaithe coilíneacha’ ar an doiciméad tar éis dó é a léamh.
Mar sin féin, níor cuireadh Comhaontú Sykes-Picot i bhfeidhm ariamh. I ndiaidh 1916, tharla mórathruithe ar nós na réabhlóide sa Rúis, agus bunú Chonradh na Náisiún (1920), a bhain cuid den bhonn den chomhaontú.
Ach, nuair a d’aontaigh Conradh na Náisiún Réiteach San Remo in 1920, bhí tionchar Sykes-Picot fós le sonrú ar an léarscáil agus bhí meon na n-impireachtaí fós chun cinn. Bunaíodh ‘mandáidí’ a thug smacht don Fhrainc agus Impireacht na Breataine ar na stáit nua Arabacha.
Gheall na himpiriúlaithe go bhfágaidís na tíortha sa todhchaí nuair a bhí siad ‘forbartha go leor’ – tuiscint a bhí fréamhaithe sa chiníochas agus sa choilíneachas.
Rinneadh dlisteanú chomh maith in San Remo ar Fhorógra Balfour (1917), a thug cead do na Síónaigh:
‘Cúige Uladh bheag dhílis Ghiúdach i muir Arabachais a d’fhéadfadh a bheith naimhdeach’ (‘a little loyal Jewish Ulster in a sea of potentially hostile Arabism’), is é sin Iosrael, a bhunú.
Tá toradh Fhorógra Balfour, Comhaontú Sykes-Picot, agus Réiteach San Remo fós le feiceáil go soiléir i sléachtaí an Mheánoirthir a leanann ar aghaidh gan stad.
Tarraingíodh línte sa ghaineamh a chruthaigh stáit as an aer a rinne neamhaird de phobail eitneacha agus reiligiúnacha, agus a chothaigh comhthéacs an fhoréigin sa tSiria, sa Phalaistín, san Iaráic, agus tíortha eile nach iad, a mhaireann go fóill os cionn 100 bliain níos déanaí.