Saoroideachas ag leibhéal na hiar-bhunscolaíochta, 1966

Saoroideachas ag leibhéal na hiar-bhunscolaíochta, 1966

Tá rialtas nua, agus aire oideachais nua leis, ar na bacáin ag tús na bliana úire. Ní haon ionadh é a rá go mbeidh buairt ar phobal na Gaeilge, agus na Gaelscolaíochta, faoi cheapachán an aire oideachais nua.

Chuir an t-iar-aire oideachais, Norma Foley, Fianna Fáil, le líon na ndíolúintí ón nGaeilge ag leibhéal na hardteistiméireachta agus le titim ar líon na ndaltaí in earnáil na Gaelscolaíochta.

Laige ollmhór sa chóras oideachais faoi láthair is ea an easpa polasaí don oideachas lán-Ghaeilge le spriocanna uaillmhianacha ann. Tá an chuma air go bhfuil an Roinn Oideachais ag obair i dtreo polasaí a bheidh ina shop in áit na scuaibe a fhoilsiú.

Is fiú breathnú ar an tráth ar tugadh isteach polasaí cuimsitheach, ‘radacach’ fiú, sa chóras oideachais, nuair a tugadh isteach an saoroideachas don dara leibhéal in 1966.

Ceann de na laigí ba mhó i gcóras oideachais an stáit i lár an fhichiú haois ba ea nach raibh saoroideachas ann ag leibhéal na hiar-bhunscoile. Bhí táillí i gceist do na hiar-bhunscoileanna ag an am – mar sin is do dhéagóirí na meánaicme go príomha a bhí an scolaíocht dara leibhéal. Rachaidís ar aghaidh chun bheith ag obair sa státseirbhís, mar chléirigh in oifigí, nó mar dhlíodóirí, dochtúirí etc.

Bhí líon beag scoileanna gairmoideachais ann chomh maith a thug oiliúint sna ceirdeanna don lucht oibre sna cathracha agus páistí ó chlanna bocht na tuaithe agus na Gaeltachta.

De réir mar a bhí an geilleagar ag domhandú ó dheireadh na 1950í ar aghaidh agus an teicneolaíocht ag teacht i réim, tuigeadh go mbeadh oideachas de dhíth ar dhaoine óga chun na comhlachtaí nua a bhí á mealladh a shásamh. Ach bhí neart constaicí roimh an saoroideachas.

Ag an am, ní raibh farasbarr airgid ag an stát, mar atá inniu. Sa mhullach air sin, ceapadh nach mbeadh móréileamh ann ó thuismitheoirí ar an saoroideachas ag an dara leibhéal mar creideadh gurbh fearr leo go mbeadh a ndéagóirí ag saothrú ioncam breise don teaghlach.

Chomh maith leis sin bhí drogall ar na rialtais éagsúla ó bunaíodh an stát cur isteach ar smacht na hEaglaise Caitlicí ar chúrsaí oideachais – mar sin ní dhearnadh aon dul chun cinn ar feadh 40 bliain.

Agus é ina aire oideachais, rinne Tomás Ó Deirg, Fianna Fáil, mar shampla, iarracht sna 1930í saoroideachas a thabhairt isteach don Ghaeltacht, ach chuir na heaspaig an togra go tóin poill.

Tháinig ugach ón Ríocht Aontaithe nuair a chonacthas gur ardaigh Westminster aois an tsaoroideachais go 15 sna 1940í. Agus bhí spreagadh breise ann nuair a d’eisigh Fine Gael Towards a Just Society agus d’fhoilsigh an Roinn Oideachais Investment in Education in 1965 agus cuireadh brú ar Fhianna Fáil feidhmiú.

D’fhógair an tAire Oideachais Donagh O’Malley, teachta dála de chuid Fhianna Fáil d’Oirthear Luimnigh, saoroideachas go leibhéal an Mheánteastais i dtreo dheireadh na bliana 1966 i ngan fhios don Roinn Airgeadais.

Cinneadh mór a bhí anseo, go raibh greim ag an Roinn Airgeadais ar pholasaí rialtais ó bunaíodh an stát agus iad an-choimeádach ó thaobh an chaiteachais de.

Bhí an tAire Airgeadais Jack Lynch, Fianna Fáil, ar buile le O’Malley. Ach bhí an pobal taobh thiar de chinneadh an Mháilligh agus cuireadh i bhfeidhm é.

Sna seascaidí, ní raibh ach an tríú cuid de dhéagóirí a shroich aois a 16 fós ar scoil. Inniu críochnaíonn os cionn 90% de dhéagóirí an dara leibhéal agus tá ceann de na rátaí is airde ar domhan ag an stát sé chontae is fiche i dtaobh freastal ar oideachas den tríú leibhéal. 

Sna 1960í, theastaigh ón stát oibreoirí a chruthú don chóras eacnamaíoch domhanda a bhí ag teacht i réim agus rinneadh sin. Dár ndóigh chonacthas go raibh ‘luach’ i gceist ansin – luach airgeadais. 

Le hais an luacha chultúrtha, tá luachanna oideachais agus sóisialta ag earnáil na Gaelscolaíochta a neartaíonn pobail agus a laghdaíonn caiteachas i réimsí eile den tsochaí. An dtuigfidh cibé polaiteoir a thagann i gcomharba ar Norma Foley an luach sin? Nó más Foley atá ann arís, an féidir le gluaiseacht na Gaelscolaíochta an méid sin a chur ina luí uirthi?

An mbeidh cibé aire oideachais a bheidh ann cróga a dhóthain le polasaí cuimsitheach agus uaillmhianach a chur i bhfeidhm don oideachas lán-Ghaeilge mar a rinneadh in 1966 nuair a tugadh isteach an saoroideachas do leibhéal na hiar-bhunscolaíochta?

Ní aon laoch dúinne Donagh O’Malley – Fianna Fáileach a bhí ann i ndeireadh thiar. Ach rinne sé rud forásach os cionn leathchéad bliain ó shin. Cén fáth nach féidir lena shliocht Fianna Fáileach beart den sórt céanna a chuir i bhfeidhm sa lá atá inniu ann?