Day: January 24, 2025

Na hÉireannaigh Óga agus an Cumann Reipéil i mBéal Feirste, 1846-1848

Ba thréimhse chorraitheach é lár an 19ú haois don náisiúnachas in Éirinn, go háirithe i gCathair Bhéal Feirste. Bhí tionchar ag na coimhlintí idir na hÉireannaigh Óga agus lucht leanúna Dhónaill Uí Chonaill idir 1846 agus 1848 ar fhorbairt an náisiúnachais sa chathair as sin amach. Bhí Béal Feirste ina cathair thábhachtach sa streachailt chun Acht an Aontais 1800 a aisghairm.

Ach bhagair teacht in inmhe na nÉireannach Óg radacacha gluaiseacht choimeádach Uí Chonaill agus an Cumann Reipéil. Tharla an t-easaontas idir an dá dhream i gcomhthéacs an Ghorta Mhóir agus réabhlóidí ón mbun aníos ar Mhór Roinn na hEorpa. D’fhágfadh an scoilt lorg seasta ar fhorbairt an phoblachtachais in Éirinn sa 19ú haois.

Ba lárionad trádála é Béal Feirste an tráth seo. Mar a mhaígh an taistealaí William Makepeace Thackeray in 1842 bhí an chathair ‘folláin, rathúil, agus rachmasach.’ Bhí an Cumann Reipéil gníomhach sa chathair ó 1842 i leith, agus iarracht á déanamh acu an rath sin a thapú ar mhaithe leis an náisiúnachas.

Ba iad na ceardaithe, siopadóirí, agus trádálaithe Caitliceacha an dream ba láidre i measc lucht Reipéil na cathrach, ach rinne ceannairí amhail John McVeigh agus Francis McLoughlin iarracht tacaíocht Phrotastúnach a mhealladh.

Bhí a gcuid achainí bunaithe ar argóintí eacnamaíocha, ag maíomh go raibh polasaithe trádála na Breataine ag déanamh dochair do thionscail Uladh. Ach bhí an deighilt idir pobail na cathrach ina mbac d’fhás an Chumainn Reipéil.

Tháinig an crú ar an tairne sa Chumann Reipéil in 1846 nuair a mhol an tÉireannach Óg, William Smith O’Brien, polasaí neamhfhreastail ar Westminster. Anuas air sin, d’éirigh teannas idir seasamh an dá dhreama ar cheist na láimhe láidre.

Chreid lucht Uí Chonaill gur leor an ‘fórsa morálta’, ainneoin gur theip ar an gcur chuige sin nuair a chuir rialtas na Breataine bac ar shlógadh mór an Chonallaigh i gCluain Tarbh in 1843.

D’fhógair na hÉireannaigh Óga gur chóir cead a bheith ag náisiúnaigh dul i muinín na láimhe láidre – ar bhonn teoiriciúil ar a laghad. I mí Iúil 1846, d’fhág na hÉireannaigh Óga an Cumann Reipéil agus bhunaigh siad na Cónaidhme Éireannaí.

I mBéal Feirste, d’fhan formhór na náisiúnach neodrach ar dtús ach faoi mhí Mheán Fómhair 1846 bhí an teannas le brath. I gcruinniú corraitheach amháin díbríodh John Griffith agus cúig dhuine dhéag eile as an gCumann Reipéil as a dtacaíocht do na hÉireannaigh Óga.

Go híorónta, ní raibh drogall ar bith ar an gCumann Reipéil leas a bhaint as an bhforéigean chun iarracht a dhéanamh cruinnithe na Cónaidhme a chur faoi chois.

Mar sin féin, faoi 1847 d’éirigh le lucht tacaíochta Éire Óg clubanna den Chónaidhm Éireannach a bhunú sa chathair. Bhí idir fhir mheánaicmeacha agus lucht oibre, ceardaithe go háirithe, ina mbaill de na clubanna. Ba chlár radacach poblachtach agus daonlathach a bhí acu, le béim ar an neamhspleáchas eacnamaíoch agus an ceart dul i mbun frithbheartaíocht armtha.

Faoi 1848, agus de réir mar a scaip réabhlóidí ar fud na hEorpa, agus sa Fhrainc go háirithe, bhog clubanna Cónaidhme i mBéal Feirste i dtreo éirí amach.

Cé gur chuir na clubanna tús le bailiú armlóin, chuir eisiúint an Achta Tréasa an ghluaiseacht faoi chois go sciobtha. Bogadh longa cogaidh i dtreo na cathrach, cuireadh le líon na saighdiúirí agus cláraíodh constáblaí speisialta chun na clubanna a cheansú. 

Cé gur theip ar Éirí Amach 1848 i mBéal Feirste, agus sa chuid eile den tír, cuireadh síolta poblachtachais na láimhe láidre in athuair a mbeadh tionchar acu ar fhás na bhFíníní roinnt blianta ina dhiaidh sin.

Sa mhullach air sin, agus murab ionann agus gluaiseacht uasaicmeach Uí Chonaill, rinneadh ‘daonlathú’ ar an náisiúnachas nuair a cumhachtaíodh gnáthdhaoine chun tabhairt faoin ngníomhaíocht phoblachtach – rud a d’fhágfadh lorg ar stair na hÉireann.