Day: February 1, 2025

Rialtas na nOllghaimbíní 

Is téarma de Bhéarla na hÉireann é an téarma ‘Gombeen man’. Is cosúil gur tháinig sé isteach sa chaint le linn an Ghorta Mhóir, agus go bhfuil bunús ann san fhocal Gaeilge ‘gaimbín’, a chiallaíonn ‘ús ar airgead’.

Ghearradh an ‘Gombeen man’ rátaí úis arda orthu siúd a fuair iasachtaí uaidh. Le linn an Drochshaoil dhéanfadh siopadóirí agus mangairí bia Caitliceacha rátaí arda úis a ghearradh ar na bochtáin a bhí nach mór stiúgtha nó ag fáil bháis den ocras a fuair bia uathu. Tuigeadh gur caimiléir nó duine nach bhféadfaí a thrust a bhí sa ‘Gombeen man’ as sin amach. Sa lá atá inniu ann is le polaiteoirí cama is mó a shíltear an téarma ‘Gombeen’.

Agus an rialtas nua ar tí teacht ar an bhfód agus an dream sin na ‘Neamhspleáigh Réigiúnacha’ ag tacú leo, feictear go soiléir iompar na ngaimbíní. A luaithe is a bhí margadh déanta leis an dá mhórpháirtí, Fianna Fáil agus Fine Gael, thosaigh na gaimbíní ag éileamh cearta cainte a bheadh ag an bhfreasúra.

Eascraíonn an t-éileamh aisteach seo as seasamh contrártha aicmeach agus polaitiúil na neamhspleách. Is tiarnaí talún agus lucht gnó iad cuid de na daoine is mó le rá sa ghrúpa seo. Sa mhullach air sin, ní aon rún é go gciontaíodh duine acu as coir chánach.

In ainneoin saibhreas suntasach na ngaimbíní seo, ligeann siad orthu féin gur cuid den chosmhuintir iad atá faoi chois ag ‘na boic sin thuas i mBaile Átha Cliath’.

Gan amhras, tá éagothroime eacnamaíoch agus bonneagair idir Baile Átha Cliath agus codanna áirithe den tuath – is í stair choilíneach na tíre bunús cuid mhór den éagothroime chéanna. Ach feileann sé do na gaimbíní tuaithe seo codarsnacht lom a chothú idir muintir na tuaithe agus muintir na cathrach.

Sa chaoi seo cuirtear faoi cheilt an buntáiste rachmais agus aicmeach atá ag na gaimbíní ina bpobail féin agus déantar dearmad i bpobail áirithe thíos faoin tuath go bhfuil ceantair san ardchathair atá go mór faoi mhíbhuntáiste. Is féidir leis na gaimbíní an dá thrá a fhreastal dá réir.

Go minic is cuma sa sioc le lucht tacaíochta na ngaimbíní tuaithe más tiarna talún an gaimbín ar thug siad a vóta dó – tiarna talún a chuireann leis an ngéarchéim tithíochta – a fhad is go bhfaigheann siad infheistíocht éigin dá gceantar. Tógfar bóthar nua nó ionad pobail agus múchtar an t-éileamh ar athrú suntasach ar pholasaí tithíochta, sláinte agus mar sin de. Ar deireadh thiar, cuireann an cultúr seo cosc ar chomhthuiscint aicmeach idir oibrithe uirbeacha agus tuaithe.

Feictear an patrún céanna leis an ‘cliantúlacht tuaithe’ seo i ndeisceart na hIodáile agus sa tSicil, mar a d’aithin na scoláirí Eric Hobsbawm, Luigi Graziano, agus daoine eile ina measc.

Mar shampla, thug Agostino Mantegna faoi deara go mbíonn claonadh ag an gcliantúlacht seo i dtreo na caimiléireachta. Chomh maith leis sin, bíonn ‘tuilleadh den chultúr seo le sonrú i gceantair ina ndáiltear níos lú maoine. Sna ceantair sin téann “vótaí malartaithe” (i.e. vótaí pearsanta) i dtreis’.

Go bunúsach, baineann an gaimbín leas as an míbhuntáiste chun é nó í féin a chothú go polaitiúil.

Cé nach bhfuil cultúr an ghaimbíneachais teoranta do cheantair thuaithe — toghadh duine de na Neamhspleáigh Réigiúnacha i mBaile Átha Cliath Thuaidh agus é ag maíomh go dtabharfadh sé tuilleadh maoinithe do Thaobh Thuaidh bocht na cathrach — tá sé níos láidre faoin tuath de bharr a laghad infheistíochta bonneagair a dhéantar ansin.

Sa tréimhse atá romhainn, in ionad na nGlasach ag éileamh lánaí rothair ó phríomhpháirtithe an chomhrialtais, beidh na gaimbíní ag éileamh bóithre agus maoiniú do pháirceanna spóirt.

Conas is féidir an múnla seo a shárú? Tá gníomhaíocht an fhreasúra chun dul i ngleic leis an ngaimbíneachas le seachtain anuas bunaithe go hiomlán ar Theach Laighean. Ach i bhfírinne is cuma leis an mórphobal – daoine óga go háirithe – faoin ngeáitsíocht istigh ansin. Caithfear gluaiseacht ón mbun aníos a thógáil chun dul i bhfeidhm ar shaol laethúil na ndaoine.