Day: February 28, 2025

‘Nuair a thagann na naimhde, ní mór do na mná, fiú, troid’; Streachailt na mban i Vítneam

Ar na rudaí is fearr a tharla i dtaca le staireolaíocht na hÉireann le linn deich mbliana na gcuimhneachán ná insíodh scéal na mban a throid le linn Réabhlóid na hÉireann (1912-23). Is fiú súil a chaitheamh ar ról na mban i dtír eile a bhí ag éirí amach i gcoinne impireachta; Vítneam.

In 1954, le linn Chogadh Saoirse Vítneam nó Céad Chogadh na hInd-Síne (1946-1954) fuair trodairí frithimpiriúlacha Vítneam an lámh in uachtar ar 16,000 trúpa coilíneach Francach ag Dien Bien Phu. Ba chor cinniúnach é an cath i dtitim impireacht na Fraince agus thug bua na Vítneamach ardú meanman do réabhlóidithe ar fud an domhain. Bhí mná i lár an aonaigh sa troid agus gan iad ní bheadh rath ar an streachailt ar son na saoirse náisiúnta.

Bhí traidisiún ársa ag frithbheartaíocht na mban i stair Vítneam. Chuidigh siad an ruaig a chur ar ionraí ón tSín, rud a spreag an nath cainte ‘nuair a thagann na naimhde, ní mór  do na mná, fiú, troid’.

D’aineoinn insint patrarcachta na staire, cothaíodh scéal fhrithbheartaíocht na mban tríd an mbéaloideas, rud a spreag do na glúine éirí amach i gcoinne tiarnaí feodach, coilínigh Fhrancacha, agus, ina dhiaidh sin, fhórsaí míleata SAM. 

Bhí éirithe leis an bhFrainc bonn láidir a chuir faoina gcoilíneacht i Vítneam faoin mbliain 1884 tar éis 40 bliain de chogaí agus gadaíocht. Mar a tharlaíonn i neart cásanna dá shórt, rinne an Fhrainc an náisiún a roinnt ina thrí ‘thír’. Coinníodh na trí ‘thír’ seo faoi fhorghabháil ag baint leas as modhanna barbartha agus mídhaonna. 

Bunaíodh Cumann an mBan Vítneamach sa bhliain 1930 le tacaíocht Pháirtí Cumannach na hInd-Síne faoi cheannasaíocht Ho Chi Minh. Chuir na cumannaigh saoirse na mban ag croílár a gcuid oibre i dtreo na sprice impiriúlachas na Fraince agus an feodachas dúchasach a threascairt.

Bhí cinnirí Chumann na mBan chun cinn ag eagrú chosmhuintir na tuaithe agus oibrithe monarchan chun dul ar stailc agus léirsiú i gcoinne na bhFrancach.

In 1930, bhain oibrithe a bhí ar stailc ag plandáil rubair airm na saighdiúirí Francacha uathu, chuir siad constaicí ar na bóithre, agus thug an chosmhuintir thuaithe soláthairtí dóibh.

Bhí sé de nós ag Legionnaires na Fraince mná Vítneamacha a éigniú agus nuair a d’éirigh na mná amach bhain siad na súile de na fir a d’éignigh iad. Chuir na Francaigh an ghluaiseacht faoi chois agus b’éigean do Chumann na mBan Vítneamach feidhmiú faoi thalamh.

Níor chuir an lámh láidir na mná ó dhoras agus lean siad leis an eagrú. Bunaíodh Sóivéidí Nghe Tinh i ndiaidh d’údaráis na Fraince teitheadh, agus bhí smacht acu ar dhá chúige ar feadh seala.

Bhronn na sóivéidí (comhairlí áitiúla d’oibrithe) talamh, oideachas polaitiúil, agus rannpháirtíocht i gcruinnithe poiblí ar mhná. I ndiaidh do na Francaigh iad a bhuamáil, tháinig tuilleadh ban i dtreo Chumann na mBan.

Lean cadre ban ar aghaidh ag earcú isteach sa ghluaiseacht trí imeachtaí sóisialta amhail bainseacha agus sochraidí, agus bhí sé de nós acu bualadh le chéile faoi rún istoíche.

Bhí ról lárnach ag na mná sa chogadh ar son na saoirse i gcoinne na bhFrancach. Nuair a bunaíodh an Viet Minh sna 1940í mar fhronta aontaithe tugadh cead do mhná an lámh láidir a úsáid. Dár le hIarsmalann na mBan Vítneamach in Hanáí, bhí tuairim agus 980,000 bean bainteach leis na fórsaí treallchogaíochta.

Ba in Hoang Ngan i gCúige Hung Yen a bhí an líon ba mó ban páirteach, 7,365 acu. Throid an grúpa amháin seo i 680 cath, rinne siad scrios ar 13 láthair de chuid na namhad agus 16 chiliméadar de líonraí gutháin, chomh maith le 383 saighdiúir Francach a mharú nó a ghabháil.

I dteannta a bheith ag troid, thug na mná cúram do shaighdiúirí agus rinne siad sholáthairtí a sheachadadh  agus bainistiú ar chúrsaí lóistíochta. Idir na blianta 1950 agus 1954 chaith mná beagnach milliúin lá oibre ag seachadadh bia agus airm. Le linn Chogadh Saoirse Vítneam d’fhás ballraíocht Chumann na mBan go roinnt milliúin bean.

Ar an 7 Bealtaine 1954, i ndiaidh 55 lá de throid, scrios Arm na Vítneamach daingean ‘dochloíte’ de chuid na bhFrancach ag Dien Bien Phu.

Ba é an tArdcheannasaí Vo Nguyen Giap a stiúraigh an cath, agus b’éigean do 10,000 saighdiúir Francach géilleadh. Ba bhuille marfach é seo do choilíneachas na Fraince, agus leagadh dúshraith tábhachtach do na Vítneamaigh ina dtroid i gcoinne SAM ar ball. 

Mar a dúirt an Ginearál Giap ag an am, ‘thug an bua ag Dien Bien Phu agus an cogadh frithbheartaíochta i gcoinne na bhFrancach bonn láidir teoriciúil, taithí agus an fhéinmhuinín dár muintir an ceann is fearr a fháil ar na hionsaitheoirí Meiriceánacha agus cogadh na saoirse a mhair tríocha bliain a thabhairt chun críche le bua’.

Laghdaigh cíosanna agus rátaí úis!
Pá comhionann ar obair chomhionann!
Obair chontúirteach ar bith do mhná!
Dhá mhí de shaoire mháithreachais le pá iomlán!
Síos leis an bpósadh éigeantach!
Síos leis an bpolagamas!
Cuir ar ceal an nós dímheas a léiriú ar mhná!

— Sluán Chumann na mBan, Vítneam, 1930