An bhréag go bhfuil imircigh agus an lucht oibre in adharca leis an nGaelscolaíocht
Seans maith go bhfaca léitheoirí an ghearrthóg a chomhroinn an t-iriseoir Seán Mac an tSíthigh ar an suíomh mallaithe sin X le déanaí; tá rudaí fiúntacha fós le fáil air. Buachaillín óg deich mbliana d’aois as an Úcráin darb ainm Misha Yerhidzé a labhair le Mac an tSíthigh.
Theith sé ón gcogadh dhá bhliain ó shin lena mháthair agus chuir siad fúthu i mBaile an Fheirtéaraigh i gceartlár Ghaeltacht Iarthar Chiarraí. Ach níor labhair Misha óg leis an iriseoir i mBéarla, ba i nGaeilge líofa a labhair sé, agus blas breá Chorca Dhuibhne ar a chaint.
Ní hamháin sin, ach bhí ceird an cheoil Ghaelaigh aige chomh maith agus é lánábalta an bosca ceoil a sheinm. Tá scéalta den sórt céanna tuairiscithe ag na meáin thall sa Bhreatain Bheag, páistí ón Úcráin a shúigh isteach an Bhreatnais gan mórán stró.
Chonaic beagnach milliún duine an físeán de Misha agus fágadh thart ar 300 nóta tráchta faoina bhun, a fhormhór mór dearfach. Mar is dual do na bómáin i bhfad amach ar an eite dheas bhí nimh éigin le craobhscaoileadh ag dornán beag acu faoin scéal.
Arsa cuntas amháin, Real News Éire, a bhfuil 55,000 leantóir acu, i mBéarla ‘ah yes foreigners speaking Irish is precisely what Patrick Pearse envisioned’.
Ba léir nach raibh tuiscint ar bith acu ar fhealsúnacht an Phiarsaigh, a thuig cumhacht na teanga chun pobail dheighilte na tíre a aontú.
Agus é ag scríobh i ngeall ar an gcóras oideachais Sasanach in The Murder Machine, thagair sé do ‘na Gaeil agus na Gaill, agus muintir Uladh i lár an aonaigh’ a rachadh in adharca leis an gcóras oideachais ‘lofa’. Dar ndóigh, sa mhullach air sin, inimirceach ab ea athair an Phiarsaigh, saor cloiche as Birmingham Shasana a phós bean Éireannach. Ceannródaí oideachais a bhí sa Phiarsach agus, dá mbeadh sé beo inniu, d’fháilteodh sé roimh phoitéinseal imeasctha na Gaeilge do na hÉireannaigh nua.
Léiriú eile, má tá ceann de dhíth, ar an mbearna idir fís an Phiarsaigh agus stát na sé chontae fichead sa lá atá inniu ann ná an scannal a bhainaenn le Scoil na mBráithre Críostaí ar Shráid Synge. Gheall an t-iar-Aire Oideachais, Norma Foley (FF), roimh an toghchán go n-iompófaí Scoil Shráid Synge ina Gaelcholáiste.
Bhí an chuma air gur ghéill sí d’fheachtasaíocht an dreama Gaelcholáiste BÁC 2-4-6-8. Is iomaí uair, mar sin féin, a d’fhógair aire beartas éigin agus iad ar an mbealach amach an doras. Beidh sé faoi Helen McEntee (FG) cinneadh a dhéanamh faoi thodhchaí na scoile, agus tá cúrsaí éirithe casta go leor.
Tá cinneadh Foley imithe in aimhréidh agus bord bainistíochta agus múinteoirí na scoile ag éirí amach ina choinne. Níl Gaeilge ar chaighdeáin ard go leor ag formhór na múinteoirí agus tuairiscítear gur vótáil 90% acu i gcoinne chinneadh Foley.
Thuigfeá dóibh, ar bhealach, nó tá a bpoist sa scoil i mbaol agus níor dheineadh bainistiú ceart ná trédhearcach ar an bhfógra go ndéanfaí Gaelcholáiste di. Mar sin féin, tá ganntanas múinteoirí ar fud na hardchathrach agus tá os cionn 40 iar-bhunscoil lán-Bhéarla sa cheantar máguaird.
Cuireadh aon trua a bhí agam do na múinteoirí go tonn phoill an tseachtain seo nuair a chuaigh ionadaí dá gcuid i muinín leithscéal na hilchultúrthachta agus an aicmeachais chun cur i gcoinne an Ghaelcholáiste.
Arsa an t-ionadaí,
‘is dúshlán rómhór a bheadh ann do na clanna imirceacha agus den lucht oibre a bpáistí a sheoladh go Gaelcholáiste. Tá daltaí againn ó chúlraí éagsúla. Is moslamaigh iad cuid mhór dár ndaltaí nó tagann siad ó chúlraí eile imirceach, ó thíortha atá réabtha ag cogaí. Tá cónaí ar chuid acu in ionaid soláthair dírigh’.
Ba chóir don té sin labhairt le Misha, nó cuairt a thabhairt ar Ghaelscoil ar bith i gceantar lucht oibre: Baile Munna, Tamhlacht, an Cnoc Theas etc, cé go bhfuil gá i bhfad Éireann le níos mó acu i gceantair atá faoi mhíbhuntáiste.
Eiseamláir eile ná Gaelscoil Lir i dTeach Sagard. Tá sé pháiste is fiche sa scoil agus is é an Béarla an dara teanga ag 40% díobh.
De bharr an chogaidh san Úcráin agus Ionad Teifeach Iarthar na Cathrach a bheith buailte ar leac dhoras na Gaelscoile is as an Úcráin os cionn trian, nó 34%, de na daltaí. Chuir mé féin agallamh ar phríomhoide na scoile cúpla bliain ó shin agus tá na páistí as an iasacht ar a sáimhín só agus iad ag foghlaim trí mheán na Gaeilge.
Ach is beag nár stopadh bunú Ghaelscoil Lir ina tús. Ba é an tAire Oideachais Joe McHugh (FG) a d’fhógair go n-osclófaí Gaelscoil Lir thiar in 2019.
Léirigh tús na scoile an iomaíocht a bhí idir Ag Foghlaim le Chéile agus earnáil na Gaelscolaíochta. Go luath i ndiaidh do McHugh an dea-scéal a fhógairt, scríobh Ag Foghlaim le Chéile chuig an Roinn Oideachais. Mar a dúirt an eagraíocht Misneach ag an am, ‘seachas fáiltiú leis an gcinneadh, mar a dhéanfadh fíoreagraíocht ilchultúrtha, chuireadar ina choinne’.
Ba é an chúis a bhí leis an achainí i bhfocail Ag Foghlaim le Chéile ná ‘go ndéanfadh dhá Ghaelscoil bhreise i gContae Bhaile Átha Cliath bac a chur ar thuismitheoirí a “rogha oideachais” a dhéanamh dá gclann’. Ar an dea-uair, níor éirigh leis an achomharc agus d’oscail Gaelscoil Lir i mbéal na paindéime i Meán Fómhair na bliana 2021.
Croílár na faidhbe le Scoil Shráid Synge agus i gcásanna Gaelscoileanna eile atá ag cailliúint i gcomórtas le Ag Foghlaim le Chéile ná idé-eolaíocht na bréige maidir leis an ilchultúrthacht, ciníochais agus an taicmeachas.
Táthar ann sa stát,an Roinn Oideachais, roinnt mhaith múinteoirí i scoileanna lán-Bhéarla, baill áirithe de Pháirtí an Lucht Oibre, agus go leor acu siúd atá ag plé le Ag Foghlaim le Chéile, a chreideann nach mbaineann an Ghaeilge le hinimircigh ná leis an lucht oibre agus gur caitheamh aimsire meánaicmeach do mhionlach bídeach í.
Agus, anuas air sin, gur gníomh ‘forásach’, ‘ilchultúrtha’ nó ar mhaithe leis an ‘éagsúlacht’ é an Ghaeilge a bhrú amach as saol na n-imirceach agus an Béarla a bheith i réim go hiomlán.
Tá an smaointeoireacht chéanna tar éis cur go mór le fadhb na ndíolúintí ón Ardteistiméireacht; maítear nach fiú d’inimircigh tabhairt faoin nGaeilge mar ‘nach mbaineann sí leo’. Dar ndóigh, is bréagilchultúrthacht é seo, agus tá uisce faoi thalamh, naimhdeas seoiníneach i leith na Gaeilge, le sonrú in amanna.
Is fíor nach as an iasacht ach 1% de dhaltaí Gaelscoile, i gcomparáid le 10% i mbunscoileanna lán-Bhéarla, agus is dócha gurb amhlaidh ag leibhéal na hiar-bhunscoile.
Chun dul i ngleic leis an éagothromaíocht seo, mhol taighde a rinne Sealbhú cúpla bliain ó shin, Multilingual Parents and Children’s Experiences of Irish-medium Education, an rochtain atá ag tuismitheoirí ar Ghaelscoileanna a leathnú, bogadh i dtreo oideolaíocht ilteangach, agus go rachadh an Roinn i mbun feachtas mór poiblíochta i réimse leathan teangacha a dhíreodh ar thuismitheoirí páistí as an iasacht.
Bheadh praghas le híoc air sin, agus bheadh drogall ar an Roinn, a fheidhmíonn ar nós meaisín nualiobrálach, an t-airgead sin a chaitheamh. Bheadh brú láidir ón bpobal ag teastáil chomh maith chun dul i bhfeidhm ar an Roinn agus idé-eolaíocht na bréagilchultúrthachta.
Ach is gá tabhairt faoi fheachtas láidir pobalbhunaithe ar an gceist, agus é nasctha le mórcheisteanna eile an Ghaeloideachais agus na Gaeilge, óir úsáidfear ceist an imirce chun ionsaí a dhéanamh ar an nGaeilge amach anseo.