Éirí Amach na nÉireannach Aontaithe san Astráil, 1804: Cnoc an Chaisleáin agus Cnoc Fhiodh na gCaor
I mí an Mhárta 1804 d’éirigh na hÉireannaigh Aontaithe amach den uair dheireanach. Cé go raibh Caisleán Bhaile Átha Cliath ag súil le hathbheochan ar an eagraíocht phoblachtach i gCúige Laighean an tráth sin, ba in New South Wales na hAstráile a tharla a n-eachtra dheireanach. Bhain Éirí Amach Chnoc an Chaisleáin geit as na húdaráis choilíneacha.
Ní raibh súil ann go n-éireodh an líon sin reibiliúnach amach, óir d’éirigh leis na húdaráis roinnt comhcheilgí Éireannacha a chur faoi chois idir 1800 agus 1802. D’fhógair an Gobharnóir Philip Gidley King dlí míleata den chéad uair i stair na hAstráile agus chreid sé gur beag nár éirigh leis na hÉireannaigh aontaithe smacht a ghabháil ar choilíneachtaí pianseirbhíse Impireacht na Breataine.
Bhain comhthéacs ar leith le hÉirí Amach 1804 a chuaigh siar go dtí an bhliain 1788. Ón mbliain sin ar aghaidh seoladh na mílte daoránach Éireannach agus Sasanach go dtí New South Wales chun brú a bhaint ón gcóras príosún sa Bhreatain. I ndiaidh Réabhlóid Mheiriceá (1765-1783), b’éigean d’Impireacht na Breataine áit nua a aimsiú chun daoránaigh a sheoladh agus ba chun na hAstráile a cuireadh iad.
Sna 1790í go háirithe, agus sciar maith de chosmhuintir na hÉireann ag bogadh i dtreo na réabhlóide, seoladh go leor Éireannaigh Aontaithe agus Cosantóirí (dream comhcheilge de chuid na hísealaicme Caitlicí) chun na hAstráile. Faoin mbliain 1800, b’Éireannaigh iad an tríú cuid de dhaonra New South Wales ar a laghad; ina theannta siúd bhí 600 príosúnach poblachtach. Bhí neart fear ó Chill Mhantáin, Loch Garman, Baile Átha Cliath, Cúige Uladh agus roinnt ó Chúige Mumhan i measc na bpríosúnach. I measc fhir Chill Mhantáin bhí an ‘Ginearál’ Joseph Holt. Ón uair a tháinig siad i dtír chuaigh siad i mbun comhcheilge arís.
Bhí leithéidí Phil Cunningham as Cluain Meala go mór chun cinn i measc lucht Chúige Mumhan faoin mbliain 1804. I measc na nUltach bhí stádas ar leith ag Samuel Hume as Contae Aontroma, agus ag William Johnson, a raibh nasc aige le Co. Thír Eoghain agus a chaith seal mar sháirsint sa mhílíste nó arm. Ba léiriú é an comhoibriú idir Johnson, Cunningham agus Hume, ‘Protastúnach, Caitliceach agus Easaontóir’, go raibh beocht sa tionscadal poblachtach go fóill i ndiaidh chliseadh 1798.
Nuair a chuala na reibiliúnaigh gur éirigh Robert Emmet agus a chomrádaithe amach arís i mBaile Átha Cliath i mí Iúil 1803 tugadh ugach dóibh. Thit Comhaontú Síochána Amiens as a chéile i mí na Samhna na bliana céanna agus bhí an Bhreatain i mbun cogaidh leis an bhFrainc arís. Tar éis neart cur agus cúiteamh bheartaigh na hÉireannaigh Aontaithe éirí amach go luath in 1804 – d’úsáidfí dream fear a d’oibir thart ar an lonnaíocht feirme ag Cnoc an Chaisleáin, atá soir ó thuaidh de Chathair Sydney.
Ar an 3 Márta 1804, fuair Holt an scéal go raibh caint bhéalscaoilte tar éis an plean chun éirí amach a chur i mbaol. B’fhadhb é seo do Holt agus na cinnirí eile ó cheantair Sydney agus Hawkesbury, óir bhí siad díreach i ndiaidh cruinniú a eagrú a chuir bailchríoch ar na pleananna in Parramatta.
Rinne Holt iarracht deireadh a chur leis an éirí amach, ach rinne go leor d’fhir Chill Mhantáin neamhaird de. Tar éis thitim na hoíche ar an 4 Márta, bhris 200 daoránach as an lóistín a bhí acu i gCnoc an Chaisleáin. Bhailigh siad le chéile ag Cnoc na Bunreachta, garr do Parramatta, áit ar fhógair Cunningham straitéis na gcinnirí. Ghabhfaí airm ó na lonnaitheoirí áitiúla agus d’fhillfí ar Chnoc na Bunreachta, roimh siúl i dtreo Paramatta agus Syndey ar an 5 agus 6 Márta.
Níor éirigh leis na reibiliúnaigh mórán arm a bhailiú chucu féin, cé gur fhill 300 acu, mar aon le dream beag daoránaigh Shasanacha, ar Chnoc na Bunreachta ar an 5 Márta. Bhí an mí-ádh orthu ar dhá bhealach eile. Bhíothas ag súil go bhfágfadh an HMS Calcutta Cathair Syndey ar an 4 Márta, ach cuireadh moill air trí sheans, rud a thug an deis don Ghobharnóir King na muirshaighdiúirí a úsáid chun an t-éirí amach a chur faoi chois. Anuas air sin, ba é an Maorghinearál George Johnson a bhí i gceannas ar na saighdiúirí áitiúla. Bhí taithí ó Réabhlóid Mheiriceá ag Johnson. Throid sé ag Bunker Hill agus thuig sé go gcaithfí na reibiliúnaigh a bhuaileadh go luath agus go sciobtha.
Tháinig Johnson ar na reibiliúnaigh ag Cnoc Rouse (nó ‘Cnoc Fhiodh na gCaor’ in aithris ar an logainm céanna lasmuigh d’Inis Córthaidh) agus ba léir go raibh míréir idir airm na saighdiúirí agus na hairm a bhí á n-iompar ag na hÉireannaigh Aontaithe. Maraíodh 30 reibiliúnach ach níor maraíodh saighdiúir ar bith. Crochadh ochtar reibiliúnach ina dhiaidh sin ar an 8 Márta. I measc na marbh bhí Cunningham, Hume agus Johnson.
Dá n-éireodh leis na hÉireannaigh Aontaithe Sydney a shroicheadh bhí King den tuairim go n-éireodh ‘na hÉireannaigh ar fad’ amach leo, ach cuireadh faoi chois iad sular shroich siad a sprioc. Tá leac chuimhneacháin ollmhór le feiceáil ar Chnoc Rouse/Cnoc Fhiodh na gCaor, a cuireadh ann in 1988 ar chomóradh 200 bliain choilíneacht na hAstráile. Níor cuireadh ainmneacha na reibiliúnach leis go dtí 2004.