Léiríonn dhá chonspóid ainmniúcháin nach bhfuil deireadh leis an imeallú ar stair an phoblachtánachas go fóill

Léiríonn dhá chonspóid ainmniúcháin nach bhfuil deireadh leis an imeallú ar stair an phoblachtánachas go fóill

Díol suntais ab ea athainmniú leabharlann Choláiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath, agus ainmniú an droichid nua coisithe thar Abhainn na Coiribe i gCathair na Gaillimhe le déanaí. Léiríonn an próiseas mídhaonlathach sa dá chás go bhfuil an frithphoblachtánachas fós go smior i mbunaíocht na sé chontae is fiche.

Tabharfaimid spléachadh ar chás na Gaillimhe ar dtús. Thiar in 2021, d’fhógair Comhairle Cathrach na Gaillimhe go mbeidís ag tabhairt faoi dhroichead nua do choisithe a thógáil chun an brú a bhí ar Dhroichead na mBradán a laghdú. Go luath ina dhiaidh sin tháinig Éirígí na Gaillimhe sa chathair le chéile chun feachtas a bhunú go n-ainmneofaí an droichead as Julia Morrissey, a bhí ar dhuine de na mná is mó le rá i gCumann na mBan i nGaillimh le linn Éirí Amach 1916.

Ba as Baile Áth an Rí do Morrisey agus bhí sí i gceannas ar 50 bean le linn Sheachtain na Cásca mar chuid den Éirí Amach a bhí faoi stiúir Liam Uí Mhaoilíosa. Nuair a tháinig Ó Maoilíosa chun na Gaillimhe in 1915 ba í Morrisey a thiarna talún. D’fhorbair caidreamh eatarthu agus tuigtear gur buille mór a bhí i mbású Uí Mhaoilíosa in 1922 do Morrisey.

Faoi na 1930í bhí Morrisey san ospidéal meabhairghalair i mBéal Átha na Slua. Chuir sí isteach ar an bpinsean stáit a bunaíodh d’iarthrodairí poblachtánacha, ach ní bhfuair sí a dhath. Níor tugadh bonn ar bith di ag aithint na páirte a d’imir sí le linn an Éirí Amach ach oiread. Básaíodh i mBéal Átha na Slua í in 1974 agus gan aon duine muinteartha aici, agus cuireadh in uaigh gan leacht í, áit ar fhan a corp ar feadh 43 bliain go dtí gur chuir dream áitiúil comórtha leacht in airde di i mBaile Átha an Rí.

Ba léiriú an t-imeallú ar Morrisey ar an gcaoi ar chaith an stát nua le mná, agus le mná a raibh fadhbanna meabhairshláinte acu go háirithe. Mar sin, bhí cás an-láidir ann an droichead nua a ainmniú as Morrisey. 

In 2022, leathnaíodh an feachtas i gCathair na Gaillimhe go dtí an Feachtas ar son Dhroichead Julia Morrissey chun tuilleadh daoine a mhealladh agus cúrsaí a bhrú chun cinn. D’éirigh le hachainí ar líne os cionn 2,200 síniú a bhailiú, fuarthas tacaíocht ó Chomhairle na gCeardchumann i nGaillimh, reáchtáladh cruinnithe poiblí, agus nuair a d’eisigh an chomhairle cathrach próiseas comhairliúcháin cuireadh aighneacht isteach.

San iomlán fuair an chomhairle 66 aighneacht agus bhí 31 acu i bhfabhar an droichead a ainmniú as Morrisey. Ach rinne an chomhairle cathrach neamhaird iomlán ar an bhfeachtas, ar an móramh d’aighneachtaí, agus ar an toil dhaonlathach a léiríodh, agus ainmníodh an droichead mar ‘Droichead an Dóchais’ in 2024. Ní bhfuarthas ach 3 aighneacht i bhfách leis an ainm leamh gan brí úd, agus ní raibh éinne sa phobal á éileamh.

Agus bhí an easpa daonlathais agus seóníneachas céanna le sonrú nuair a athainmníodh Leabharlann Berkeley i gColáiste na Tríonóide go Leabharlann Eavan Boland le cúpla lá anuas. Téann scéal an athainmnithe siar go 2022 nuair a rinne mic léann agóid faoi ról George Berkeley sa sclábhaíocht. Tharla na hagóidí le linn léirsithe Rhodes Must Fall in Oxford agus tuiscint níos leithne ar champais ollscoile an domhain ar an díchoilíniú (cé gur annamh a thógtar cás na nÉireannach isteach faoi scáth an díchoilínithe, ach is scéal é sin do lá eile).

Mar fhreagra ar na hagóidí, rinne Coláiste na Tríonóide ‘próiseas comhairliúcháin’ a chur ar bun chun ainm nua a lorg. Chuir ionadaí de chuid na hollscoile síos ar an bpróiseas le cúpla lá anuas mar cheann a bhí ‘trédhearcach agus bunaithe san fhianaise’. Dar ndóigh is seafóid a bhí sa ráiteas sin. Fuarthas 855 aighneacht ón bpobal mar gheall ar an ainm nua. Bhí 264 (31%) de na haighneachtaí ar son Wolfe Tone agus níor ghnóthaigh Eavan Boland ach 59 (7%).

Nocht Seansailéir na hOllscoile, Mary McAleese, ainm nua na leabharlainne, Leabharlann Eavan Boland, le cúpla lá anuas, agus níor deineadh tagairt ar bith do Tone. Scríobh Tommy Graham, eagarthóir History Ireland, litir chuig The Irish Times ag fiosrú faoin trédhearcacht agus é ag ceistiú an phróisis ainmniúcháin.

Sa dá chás, cás Julia Morrisey agus cás Wolfe Tone, céard is fiú próiseas comhairliúcháin a reáchtáil mura dtugtar aird na muice orthu? Ní raibh sna próisis úd ach bealach le cuma an daonlathais a chuir ar chúrsaí. Rinneadh neamhaird ar an mian dhaonlathach a bhí ann go n-ainmneofaí an droichead agus an leabharlann as poblachtánach. 

Ina theannta sin, tugadh ainmneacha dóibh a thagann le zeitgeist liobrálach na seoiníní a bhfuil lámh lárnach acu in institiúidí an stáit seo go fóill. ‘Dóchas faoin todhchaí, ná bígí ag smaoineamh ar an stair phoblachtánach sin ar fad’, an teachtaireacht ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. 

I dtaobh Choláiste na Tríonóide de, díríodh ar ghné na hinscne. ‘Nach iontach é gur bean a bhfuil an leabharlann ainmnithe aisti anois?’ Bhuel, is rud maith é nuair a chuirtear mná chun cinn go cinnte, ach sa chás seo baineadh mí-leas as Boland chun éileamh poblachtánach a cheilt.

Sa dá chás deineadh armlón den liobrálachas chun an phoblachtánachas a chuir faoi chois. 

Scríobh mé le déanaí in An Páipéar go bhfuil straitéis den chineál céanna ag roinnt seoiníní chun an Ghaelscolaíocht a imeallú. Ainneoin easpa fianaise, deirtear nach bhfuil na Gaelscoileanna ‘ionchuimsitheach’ go leor d’inimircigh agus an lucht oibre, agus léiríodh an meon sin arís ar an gclár Up Front faoin nGaeilge ar RTÉ i rith na seachtaine.

I mbeagán focal, tá leas á bhaint ag seóiníní as an ‘forásachas’ bréagach chun gnéithe de stair, teanga, cultúr agus polaitíocht na cosmhuintire nach maith leo a ionsaí nó a bhrú ar leataobh.