Category Archive : NUACHT

Caifé na Gaeilge

Agus muid ar thob cultúr chathair na Gaillimhe a cheiliúradh, nach mbeifeá ag súil go mbeadh an Ghaeilge i gcroílár na féile seo?

Agus muid ar tí oidhreacht na Gealchathrach, an chondae agus na tíre trí chéile a chomóradh, nach mbeifeá ag súil go mbeadh urraim ar leith le tabhairt do phobal na Gaeilge agus don éacht marthana a chuir an pobal seo de ó thús na staire go dtí an lá atá inniu ann?

Agus nach gceapfá go ndéanfadh Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, thar aon chomhlacht poiblí eile, ceart a sheasamh don phobal seo?

Más amhlaidh a cheapfá, caithfidh gur mór an díomá atá ort, fiú anois, go háirid más mac léinn le Gaeilge i nGaillimh thú. I mí Dheireadh Fómhair i mbliana, d’fhógair Comhaltas na Mac Léinn go raibh deireadh á chur acu le Caifé na Gaeilge in Áras na Gaeilge.

Ba é Caifé na Gaeilge an t-aon spás sóisialta lán-Ghaeilge dá raibh ar an gcampas agus sa gcathair ar fad, d’fhéadfá a rá.

An t-aon áit a bhféadfá a bheith ar do chompord ag ordú braon tae nó greim bia as Gaeilge, ag labhairt na teanga, ag caint le do chairde i nGaeilge. An t-aon áit a gcloisfeá an Ghaeilge san Ollscoil agus sa gcathair, mar theanga phobail nádúrtha.

An áit a bhfuair mise cuid mhaith de mo chuid Gaeilge nuair a tháinig mé go Gaillimh den chéad uair i mo bhliain ERASMUS.

Nach breá an mhaise é sin don Ollscoil a mhaíos gurb í féin an coláiste is Gaelaí in Éirinn? Cén fáth ar dúnadh an caifé, meas tú?

Cén fáth ar minicí a mbaintear na rudaí atá dlite dúinn dínn? Airgead. Airgead agus saint chun a thuilleadh airgid a dhéanamh.

Dúradh go ndearna Comhaltas na Mac Léinn caillteanas airgid ó thosaigh siad ag reáchtáil an chaifé. Dhiúltaigh an Ollscoil an caillteanas a chúiteamh leis an gComhaltas. Más ea, ní mé cén sórt bainistíochta a bhí, nó atá, ar siúl ag Comhaltas na Mac Léinn ná ag an Ollscoil?

Nár cheart an bhainistíocht a athrú, mar sin, seachas seirbhísí a bhaint den phobal a bhíos ag íoc astu ’chuile bhliain? Agus is daor an ceannach é.

Gan trácht ar na táillí ollscoile, gearrann an Ollscoil tobhach mac léinn (student levy fee) ar gach uile mhac léinn i dtús na bliana acadúla.

Tá an t-airgead sin le dul do Chomhaltas na Mac Léinn, do chumainn de chuid na mac léinn agus eile, le saol sóisialta na mac léinn a chothú.

Níor íoc mé an tobhach sin ná ní íocfad go dtí go n-osclófar ár gCaifé in athuair, go dtabharfaidh an Ollscoil dúinn an rud atá dlite dúinn.

Iarraim ar gach uile Ghaeilgeoir atá ina mhac léinn i nGaillimh déanamh amhlaidh.

Alt scríofa ag Hynek Daniel Janoušek atá ina chónaí ar an gCeathrúin Ruaidh.

Pobal Mapuche na Sile ag éirí amach

Os cionn gach duine eile sa mhórshiúl i rith na n-agóidí atá ar siúil sa tSile, tá duine amháin, seasta ar bharr dealbh ón ré choilíneach, le bratach pobal na Mapuche ar foluain acu.

Ceann de na pobail bhundúchasacha sa tSile iad na Mapuche, a chónaigh i gceantar a thrasnaíonn an Airgintín agus an tSile le blianta fada roimh theacht na coilínigh Eorpacha. 

Le blianta anuas, tá siad ag streachailt in aghaidh an stáit agus tiarnaí móra talún chun seilbh a athghlacadh ar thalamh a sinsear.

I measc na ngrúpaí lena bhfuil siad ag troid tá an comhlacht idirnáisiúnta Benetton, comhlacht ar dheas leo íomhá ilchultúrtha a chur i láthair don saol mór, san am céanna is a bhfuil siad ag iarraidh na bundúchasaigh Mapuche a dhíbirt óna gcuid tailte

Tá an choimhlint sin tar éis a bheith foréigneach ó am go chéile, le fórsaí an stáit agus na dtiarnaí talún araon ag déanamh iarrachtaí brúidiúla na Mapuche a dhíbirt ón talamh a bhfuil seilbh glactha acu air, agus na lonnaíochtaí atá bunaithe acu ar an talamh sin a bhánú.

In ainneoin sin tá na Mapuche tar éis iad féin a chosaint le gach a bhfuil acu, rud a bhfágann go dtugann ionadaithe an rialtais “sceimhlitheoirí” orthu.

Ach i rith na n-agóidí sa tSile in aghaidh pholasaithe déine rialtas Piñera, ach go háirithe an méadú ar chostais iompar poiblí, agus i rith an fheachtais comhordaithe gan na táillí ardaithe a íoc, tá bratacha muintir na Mapuche le feiceáil go minic.

Tá taithí fhada ag na Mapuche ar fhoréigean an stát coilínigh, ach tá Piñera anois ag casadh ar mhuintir na tíre i gcoitinne. Tá na Mapuche lárnach anois sa troid fhairsing in aghaidh na gciorruithe.

Tá uallach na staire le brath go trom sna hagóidí seo. Ní hamháin i dtaobh streachailt na ndaoine dúchasacha atá ar siúil acu le breis is 500 bliain in aghaidh na gcoilíneach, ach chomh maith le sin i dtaobh an chuimhne atá ag daoine ar rialtas sóisialach daonlathach Salvador Allende.

Rinneadh coup d’état brúidiúil de chuid Pinochet agus na Stáit Aontaithe deireadh a chur leis an mbrionglóid sin, rud a d’fhág rialtais éagsúla de chuid na heite dheis i gceannas ar an tír ó shin i leith.

Tá an streachailt in aghaidh an choilíneachais ceangailte go dlúth leis an streachailt in aghaidh polasaithe na gciorruithe agus na déine agus an caipitleachas go ginearálta.

Tá an córas céanna i gcónaí ag iarraidh an réimse sin den saol a bhaineann lenár gcaighdeán maireachtála – sláinte, oideachas, tithíocht, córas iompar poiblí – a laghdú agus a ghearradh le go mbeidh tuilleadh brabúis ag na daoine atá i bhfeighil orainn.

Is scéal fada é an stair – b’fhéidir go raibh an bua ag na coilínigh agus lucht na heite dheis tráth. Ach, mar a léiríonn an grianghraf de bhratach na Mapuche os cionn na léirsithe sa tSile, níl an troid thart go fóill.

Uluṟu slán ó thurasóirí faoi dheireadh

Tá tábhacht ar leith ag baint leis an gcarraig Uluṟu ag muintir bhundúchasach na hAstrála leis na mílte bliain. Tá an charraig lonnaithe i gceantar an Pitjantjatjara, dream daoine a bhfuil dlúthcheangal acu lena n-áit dhúchas.

Tá an charraig mar chuid d’oidhreacht, seanchas, cultúr, teanga agus spioradáltacht na ndaoine sin.

Bhí cur amach ag an domhan mór ar an gcarraig mar Ayers Rock ar feadh i bhfad. Nuair a rinne coilíneach darbh ainm William Goose suirbhé ar an gceantar in 1873 bhaist sé an t-ainm sin air in ómós don Phríomhrúnaí ar an Astráil Theas ag an am, Sir Henry Ayers.

Dar ndóigh tá seantaithí againn anseo in Éirinn ar an gcleasaíocht seo. Nuair a chuaigh an t-ordanás suirbhé i gceann a gcuid oibre idir 1829 agus 1842 rinneadh galldú ar go leor dár logainmneacha. 

Is maith an rud é le feiceáil, mar sin, go bhfuil brú ó dhreamanna bundúchasacha san Astráil ag dul i bhfeidhm ar an rialtas. Sna 1990í a tugadh an t-ainm ceart bundúchasach sa leagan oifigiúil don chéad uair. 

Faraor, ó shin i leith tá ceist eile ag dó na geirbe. Tá na céadta míle turasóirí ag dreapadh na carraige gach bliain. Léiriú ar mheon sotalach coilíneach agus ar aineolas araon a bhí sa mhéid a bhí ar bun ag turasóirí.

Ar ámharaí an tsaoil anois curfear deireadh leis an drochnós úd, óir tá cosc anois ar dhaoine a bheith ag dreapadh suas Uluṟu. 

Níor stop sé sin na céadta turasóir ag dul in airde ar an gcarraig ar an lá deireanach a raibh fáil acu air. 

Seasann Misneach leis na bundúchasaigh san Astráil, agus mórthimpeall an domhain, atá ag troid in éadan scrios cultúrtha an meoin choilínigh agus in éadan na turasóireachta gan srian.

Meitheal Misneach: Gaoth Dobhair

Beidh an eagraíocht feachtasaíochta Misneach ag teacht le chéile dá gcruinniú bliantúil, Meitheal Misneach, in Amharclann Ghaoth Dobhair i nGaeltacht Thír Chonaill ón 18-20ú Deireadh Fómhair.

Is grúpa radacach de chuid na heite clé é Misneach a chreideann go bhfuil dlúthnasc idir na trioblóidí atá ag bagairt ar inmharthanacht na Gaeltachta agus na fadhbanna eacnamaíochta, polaitiúla agus timpeallachta eile atá ag bagairt ar mhuintir na tíre agus an domhain mhóir. Dar leo gur ceart do phobal na Gaeilge seasamh láidir a dhéanamh in éadán pholasaithe nualiobrálacha nuachoilínaíocha an Stáit ar mhaithe leis an chumhacht a thógáil ar ais agus misneach a thabhairt don phobal arís.

Dúirt urlabhraí de chuid Mhinseach, Seanán Mac Aoidh, go:

“ndéanfar plé ar na mórcheisteanna agus na mioncheisteanna araon ag an Mheitheal seo, le cainteanna ar na dúshláin atá roimh Ghaeltacht Thír Chonaill agus cuid de na mórthrioblóidí eile cosúil le géarchéim na timpeallachta fosta. Beidh gníomhaithe ag teacht ó gach cúige in Éirinn comh maith le cuairteoirí as thar lear agus is iontach an deis í chun nasc a thógáil idir an ghluaiseacht idirnáisiúnta seo agus pobal misniúil Thír Chonaill. Misneach Abú!”.

Lean Mac Aoidh leis le rá:

“Tá Misneach gníomhach i bhfeachtais éagsúla ar son na Gaeltachta. Níl srian ar bith orainn mar eagraíocht cionn is nach nglacann muid le haon mhaoiniú stáit ach muid ag troid is ag tógáil ar ár gconlán féin ón talamh aníos. Creideann muid go hiomlán gurb é cás na Gaeltachta an gad is giorra don scornach ag na Gaeil, agus gur féidir éachtaí a dhéanamh dár bpobal, ach an fód a sheasamh agus troid chun tír níos cothroime a bhaint amach, tír ina gcuirtear luach ar dhaoine in áit bhrábús lucht an rachmais.

Beidh deis againn ag an Mheitheal seo an chéad chéim eile inár bhfeachtas ar son na Gaeltachta agus go leor eile a phlé. Beidh ceardlanna praiticiúla ann fá scileanna éagsúla, aoichainteoirí áitiúla agus idirnáisiúnta, chomh maith le seisiún ceoil agus craic san oíche.”

Le críochnú, dúirt sé:

“ag teacht leis an fhealsúnacht shóisialach atá ag Misneach, tá lúcháir orainn a rá go bhfuil Misneach sásta cuidiú airgid a thabhairt d’aon duine a mbeadh deacracht acu Meitheal Misneach a bhaint amach mar gheall ar fhadhbanna airgeadais. Beidh an liúntas seo ar fáil ach ríomhphost a chur chugainn ag eolas@misneachabu.ie ”

Tuilleadh eolais ó Sheanán Mac Aoidh, 0860644185 / 00447835811868

Ceart don Ghaeltacht!

Agóid ag Oifig an Aire Ghaeltachta Seán Kyne i nGaillimh ar 10ú Bealtaine 2019

Plean radacach náisiúnta foilsithe ag Misneachd na hAlban

Tá an grúpa feachtais Misneachd na hAlban, macasamhail Mhisneach in Éirinn, tar éis “Plean Radacach do Ghaeilge na hAlban” s’acu a sheoladh go hoifigiúil. Maítear sa bplean, a bhfuil breis is 100 leathanach ann, go bhfuil neamhaird á déanamh ag an rialtas agus ar an eagraíocht forbartha teanga, Bòrd na Gàidhlig, ar mheath leanúnach na teanga ina pobail dhúchais. Tá an “Plean Radacach” á fhoilsiú mar fhreagra criticiúil ar an bPlean Gaeilge Náisiúnta 2018-2023 a foilsíodh i mí Aibreáin faoi fholáirimh Acht na Gaeilge 2005. Read More

Buiséad 2019: seanphort Fhine Gael agus Chonradh na Gaeilge mar aon

Iontas na n-iontas, tá rialtas Fhine Gael tar éis loiceadh ar an nGaeltacht agus ar an nGaeilge arís sa mbuiséad is deireanaí a foilsíodh inné (9-10-2018). Cé go raibh €9 milliún á lorg ag Conradh na Gaeilge mar chuid dá bplean infheistíochta, níor gheall an rialtas ach trian de sin, €3 milliún.

Is léir ón mbuiséad seo, gur chun leasa lucht an rachmais atá an rialtas agus faoiseamh cánach tugtha do thiarnaí talún acu. Tá €1.5 billiún curtha ‘ar leataobh’ ag an Aire Airgeadais Pascal Donohoe ‘do lá na coise tinne’, amhail is nach bhfuil géarchéimeanna ann sna córais tithíochta agus leighis, sa Ghaeltacht, agus in go leor leor áiteachaí eile.

Read More

“Conas a tha Misneach?”  –  Obair na heagraíochta le bliain anuas

Ó bhí an Mheitheal dheireanach againn in Inis Oírr tuairim is bliain ó shin tá gníomhaithe Mhisneach tar éis roinnt mhaith a chur i gcrích. Seo cuid de na buaicphointí.

Ní phléitear é leath sách minic, ach tá buiséad caipitil na Gaeltachta tite ó €75.7 milliún in 2008 go €10.9 milliún i mbliana. Mar sin, nuair a ceapadh 2018 mar “bhliain na Gaeilge” rinne muid teagmháil leis na meáin Ghaeilge agus le Conradh na Gaeilge ag moladh go ndéanfaí “bliain éirí amach na nGael” den bhliain agus go n-eagrófaí sraith agóidí le haird a tharraingt ar ghéarchéim na Gaeltachta. Mhol muid freisin go mbeadh an phríomhbhéim ar chás na Gaeltachta ag an mórshiúil “Beo”. Iontas na n-iontas, is beag aird a fuair muid ón gConradh! Read More

Meitheal Misneach: Corca Dhuibhne 28ú-30ú MF

A chomrádaithe, a thacaitheoirí, a Ghaela,
 
Tá an t-am tagtha arís do chruinniú bliaintúil MISNEACH. Is i dtreo Chúige Mumhan atá muid ag dul an uair seo agus Gaeltacht Chorca Dhuibhne le bheith mar áit chruinnithe againn. Mar is gnáth, beidh meascán de phlé daonlathach agus cainteanna poiblí ann, mar aon le neart siamsaíochta, ceoil agus craic.
 
Beidh imeachtaí an deireadh seachtaine ar siúil in Ionad Oidhreachta Chorca Dhuibhe i mBaile an Fheirtéaraigh idir an 28ú-30ú Meán Fómhair.

Read More

Gá le troid láidir chun na hoifigí poist a shábháilt

Deir an eagraíocht feachtasaíochta MISNEACH go bhfuil siad i dteagmháil le muintir na háite i nGaoth Dobhair agus sna Rosa agus áiteacha eile sa Ghaeltacht chomh maith lena lán-tacaíocht a ofráil maidir leis an fhógairt is déanaí faoi dhúnadh na n-oifigí poist sa cheantar.

De réir urlabhraí Mhisneach do Thír Chonaill, Oisín Mac Eó, is é bánú na tuaithe an bhagairt is mó ar inmharthanacht na Gaeltachta agus mar sin ar thodhchaí na teanga beo. Read More