Grúpa radacach ar son leas na cosmhuintire agus na teanga dúchais atá i Misneach. Ní hionann muid agus mórán eagraíochtaí eile i saol na Gaeilge nó ní chuireann muid fiacail ann ó thaobh na polaitíochta de.
Is den eite chlé muid agus creideann muid go daingean go gcaithfear an córas caipitleach agus an t-impiriúlachas a chur de dhroim an tsaoil ar mhaithe leis an Ghaeilge, agus go deimhin, mionteangacha agus mionchultúir an domhain mhóir, a thabhairt slán.
Anuas air sin creideann muid gur féidir leis an Ghaeilge cur go mór leis an streachailt ar son chuid cearta an luchta oibre, sin le rá gur cuid thábhachtach de réabhlóid ar bith in Éirinn atá inár dteanga dhúchais.
Diúltaíonn muid don bharúil gur faoin stát agus faoin aos pholaitiúil atá sé an Ghaeilge a thabhairt slán ón fhaopach.
Oibríonn Misneach ar thrí mhór-dhóigh: an fheachtasaíocht, an t-oideachas agus an tógáil pobail.
Ceannaigh Mionlach 11 anseo!